Stair Áitiúil/Teaghlaigh
Tá bailiúchán leathan leabhar, irisí agus ábhar eile faoi ghinealas agus stair theaghlaigh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn. Cé nach bhfuil ábhair bhunaidh againn, ar nós taifid ar bhreitheanna, ar bhásanna, ar phóstaí srl., d’fhéadfadh ár n-acmhainní staire teaghlaigh cuidiú leat tús a chur le do chuardach ar an sinsear do-aimsithe sin. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an leabharlann roimh ré chun coinne a chur in áirithe mar níl roinnt míreanna ar fáil ach i bhformáid mhicreascannáin amháin, agus tá roinnt nuachtán á stóráil.
Tá bailiúcháin staire áitiúla níos lú a bhaineann lena gceantar féin ag gach leabharlann eile i nDún na nGall, agus seans go mbeidh siad in ann an t-eolas atá uait a sholáthar. Tá míreanna micreascannáin ar fáil freisin i Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin agus i Leabharlann Phobail na Rosann, An Clochán Liath. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann chuí roimh do chuairt.
Le haghaidh sonraí teagmhála agus uaireanta oscailte don lár-Leabharlann agus do gach leabharlann áitiúil, cliceáil anseo.
Chun tús a chur le cuardach a dhéanamh ar an sinsear do-aimsithe sin cliceáil ar leabhrán do rogha leabharlainne thíos:
Leabhar digitithe
Stair Áitiúil
Cuirfidh taighde ar stair áitiúil le do thionscadal staire teaghlaigh agus cuirfidh sí i gcrích é. Coinníonn an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn Bailiúchán Staidéar Dhún na nGall a chuimsíonn leabhair a bhaineann le Contae Dhún na nGall, leabhair scríofa ag údair Dhún na nGall agus/nó a foilsíodh sa chontae. Tá réimse leathan ábhar sa bhailiúchán seo, idir reiligiún, ealaín, litríocht agus stair na gceantar éagsúl sa chontae. Trí leabhair staire áitiúla a chuardach gheobhaidh tú léargas ar an saol i nDún na nGall san am a chuaigh thart chomh maith le blaiseadh ar an dóigh inar mhair do shinsir ina. Is féidir leat léarscáileanna stairiúla a sheiceáil fiú ina bhfaighidh tú tuiscint níos fearr ar an áit.
Leabharliosta
Tá gach rud nuacheannaithe a bhaineann le Dún na nGall ar fáil i leabharliosta a fhoilsíonn Cumann Staire Dhún na nGall i mBliainiris Dhún na nGall ar bhonn bliantúil.
Cliceáil ar na naisc thíos chun liosta cuimsitheach de théacsanna nua a bhaineann le Dún na nGall a fháil:
Leabharliosta Bliaintúil Dhún na nGall (Iúil 2014 - Meitheamh 2015)
Leabharliosta Bliantúil Dhún na nGall (Iúil 2015 - Meitheamh 2016)
Leabharliosta Bliantúil Dhún na nGall (Iúil 2016 - Meitheamh 2017)
Leabharliosta Bliantúil Dhún na nGall (Iúil 2017 - Meitheamh 2018)
Leabharliosta Bliantúil Dhún na nGall (Meitheamh 2019 - Meitheamh 2020)
Leabharliosta Bliantúil Dhún na nGall (Meitheamh 2020 - Meitheamh 2021)
Leabharliosta Colmcille
Foilsíodh Leabharliosta Colmcille chun comóradh a dhéanamh ar Colmcille 1500. Cliceáil ar an nasc thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi Colmcille, agus chun leabharliosta de leabhair atá ar fáil ar Colmcille / Columba i mBailiúchán Staidéar Dhún na nGall, an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn:
Ag cuimhniú ar ár scéal ag roinnt ár dtodhchaí
Dearadh an tionscadal Lámha na Staire chun deis a thabhairt do Dhún na nGall agus do na contaetha máguaird ceachtanna a fhoghlaim ón am atá thart agus iad a chur i bhfeidhm ar an lá atá inniu ann chun todhchaí atá níos sábháilte agus níos fearr a chruthú. Ar cheann de thorthaí an tionscadail seo bhí leabharliosta de leabhair do dhaoine fásta agus do leanaí faoi chomóradh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2022; Ag cuimhniú ar ár scéal ag roinnt ár dtodhchaí. Cliceáil ar an nasc cuí chun rogha na leabhar atá ar fáil trí do leabharlann áitiúil a fheiceáil.
Leabharliostaí 1916
Foilsíodh na leabharliostaí do dhaoine fásta agus do dhaoine óga chun Éirí Amach 1916 a chomóradh agus tá réimse leathan teideal i gceist a chuimsíonn an céad bliain ó shín. Cliceáil ar an nasc cuí chun rogha na leabhar atá ar fáil trí do leabharlann áitiúil a fheiceáil.
Diaspóra Dhún na nGall
Bunaíodh tionscadal Dhiaspóra Dhún na nGall chun teagmháil agus plé a dhéanamh le “Pobal Domhanda” Chontae Dhún na nGall. Is éard atá i gceist leis an líonra seo ná daoine a bhfuil nasc acu le Dún na nGall, is cuma cá bhfuil siad ina gcónaí. Feidhmíonn sé mar acmhainn eolais, nasc, comhpháirtíochta agus forbartha.
Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.donegaldiaspora.com.
Naisc le Láithreáin Staire Teaghlaigh agus Ginealais eile
Eaglais na hÉireann
Cartlanna Chontae Dhún na nGall
Acmhainní Ginealais Dhún na nGall
Find My Past
Ginealas na hÉireann
Leabharlann Eaglais Naomh na Laethanta Deireanacha
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
An Chartlann Náisiúnta
Oifig na dTaifead Poiblí Thuaisceart Éireann