Tá sé iontach furasta, nil ann ach trí chéim le bheith i do bhall. TÁ SÉ SAOR IN AISCE!
- Líon isteach an foirn iarratais ar líne nó tabhar cuairt ar bhrainse leabharlainne.
- Bíodh cruthúntas ar do sheoladh leat nuair a thagann tú chun do chárta a bhailiú.
- Nuair a bheas tú cláraithe, thig leat rudaí a fháil ar iasacht láithreach bonn.
Páistí – Faoi 12, tar le do thuismitheoir nó le ráthóir. Beidh orthu cruthúnas seolta a thabhairt e.g. ceadúnas tiomána, bille fóntais. Tá do bhallraíocht leabharlainne agus gach seirbhís leabharlainne saor in aisce i gcónaí.
Má tá tú idir 12 - 18 mbliana d'aois, beidh ráthóir de dhíth ort chun d’fhoirm ballraíochta a shíniú.
Scoileanna agus Grúpaí - Más mian leat iasacht a fháil mar eagraíocht, réamhscoil nó scoil, tabhair leat litir le síniú ag do mhaoirseoir/phríomhoide agus beidh deis agat suas le 40 leabhar a fháil ar iasacht ar feadh 84 lá.
Ó mhí an Mhárta 2017, tá seirbhís chomhroinnte á fheidhmiú ag leabharlanna poiblí ar fud Phoblacht na hÉireann do gach ball.
Ciallaíonn sé seo gur féidir leat
- Rochtain a fháil ar leabhair ó údarás leabharlainne poiblí eile a bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha céanna acu agus atá ag do leabharlann áitiúil
- Is féidir leat do chárta leabharlainne áitiúil a úsáid in aon leabharlann phoiblí ar fud na hÉireann
- Leabhair a chur ar ais chuig aon leabharlann phoiblí atá oiriúnach duit.
Níl fadhb ar bith! Féadfaidh tú cárta úr a phiocadh suas ó do leabharlann áitiúil i nDún na nGall. Iarr ar bhall foirne an chéad uair eile a bheidh tú ag brainse ar bith.