Ballraíocht
Cad é mar is féidir liom clárú mar bhall den leabharlann?
Thig le duine ar bith clárú. Thig leat clárú trí chuairt a thabhairt ar do leabharlann áitiúil nó Ionad Taobh Tíre, agus fianaise faoi do sheoladh baile a thabhairt leat m.s., ceadúnas tiomána, bille fóntais. Nuair a bheas tú cláraithe, thig leat rudaí a fháil ar iasacht láithreach bonn. Má tá duine faoi 18 mbliana d'aois, beidh ráthóir de dhíth air/uirthi. Úsáid an nasc seo le do leabharlann áitiúil or ionad Taobh Tíre a aimsiú.
Níl cónaí orm i nDún na nGall; an dtig liom bheith i mo bhall den leabharlann go fóll?
Thig, níl le déanamh agat ach fianaise a thabhairt leat maidir le do sheoladh baile.
An bhfuil táille ballraíochta ann?
Is féidir an chuid is mó de na hábhair a fháil ar iasacht saor in aisce, ach tá táille €17 ar iasachtaí CD, DVD agus físeán. Tá cead agat 3 CD & 3 DVD/Físeán a fháil ar iasacht, chomh maith le 10 leabhar nó ábhair eile.
Cad é a tharlaíonn má chaillim mo chárta leabharlainne?
Ná bí buartha! Thig leat cárta eile a fháil ar €2.00.
An dtig le mo pháiste a c(h)árta leabharlainne féin a fháil? Cén aois a chaithfidh bheith aige/aici?
Is féidir le páiste cárta a fháil is cuma cén aois atá siad; níl de dhíth ach síniú ó dhuine fásta mar ráthóir ar an fhoirm chlárúcháin.
An gcaithfidh mé mo chárta leabharlainne a thabhairt liom i gcónaí?
Caithfidh, le do thoil. Molaimid do dhaoine an cárta ballraíochta a thabhairt leo i gcónaí lena chinntiú go n-eiseofar an t-ábhar chuig an duine cheart. Bíonn gá i gcónaí le do chárta ballraíochta más mian leat dul ar an idirlíon.