Please ensure Javascript is enabled for purposes of website accessibility Donegal Library Services

Cross Border Mobile library

 

Seirbhís Leabharlann Taistil Trasteorann

 

FÓGRA: Mar gheall ar Covid 19, níl an tseirbhís leabharlainne soghluaiste ag feidhmiú faoi láthair. Nuair a thosóidh an tseirbhís arís, cuirfimid an clár ama ar an suíomh Gréasáin. Gabhaigí ár leithscéal as aon chuir isteach a dhéanann sé seo.

 

Tá an tSeirbhís Leabharlann Taistil Trasteorann ar fáil in Oirthear Dhún na nGall agus Inis Eoghain Theas, agus freastalaíonn sí ar Halla an Phoirt, Droim Eochaille, Baile Suingean, an Carraigín, Mainéar Uí Chuinneagáin, an Baile Nua, an Bheart, Bun na hAbhann, Ceann an Droichid, Rinn Uí Choigligh, Magh agus Cill Fhéich. Freastalaíonn sé, chomh maith, ar roinnt bailte agus sráidbhailte i dTuaisceart Éireann.  Dearadh taobh amuigh dathannach na feithicle bunaithe ar mholtaí leanaí áitiúla.

 

Chistigh Clár an AE um Shíocháin agus Athmhuintearas faoi Bheart 5.2 Feabhas a chur ar Chomhar Earnála Poiblí Trasteorann go dtí Meitheamh 2006, nuair a rinneadh é a phríomhshruthú isteach i gComhairle Contae Dhún na nGall agus seirbhísí Leabharlann Thuaisceart Éireann. Ba é seo an chéad Leabharlann Taistil Trasteorann a tugadh isteach sa tír.

 

Is féidir breis faisnéise a fháil trí theagmháil a dhéanamh le:

Guthán: 074 93 61941 
Ríomhphost: [email protected]

 

 

header logo
header logo
header logo