Tá sé simplí. Is féidir bheith mar bhall i dtrí chéim éasca. TÁ SÉ SAOR IN AISCE!
- Is leatsa an leabharlann i gcónaí agus tá an bhallraíocht saor in aisce.Comhlánaigh ár bhfoirm iarratais ghearr sa bhrainse nó ar líne.
- Tabhair cruthúnas seolta nuair a bhailíonn tú do chárta.
- Is féidir tosú lenár seirbhísí a úsáid láithreach.
Leanaí - Má tá tú faoi 12 bhliain d’aois, tabhair cuairt orainn le do thuismitheoir nó caomhnóir. Beidh orthu cruthúnas seolta a thabhairt leo e.g. ceadúnas tiomána, bille fóntais.
Daoine óga - Má tá tú idir 12 agus 18 mbliana d’aois, teastaíonn tuismitheoir nó caomhnóir uait chun an fhoirm iarratais a shíniú mar ráthóir.
Scoileanna agus Grúpaí - Más mian leat leabhair a fháil ar iasacht mar eagraíocht, réamhscoil nó scoil, tabhair litir leat atá sínithe ag do mhaoirseoir/phríomhoide agus is féidir leat a mhéid le 40 leabhar a fháil ar iasacht ar feadh 84 lá.
Ó Mhárta 2017 ar aghaidh, tá seirbhís chomhroinnte á cur ar fáil ag leabharlanna poiblí ar fud Phoblacht na hÉireann do gach ball.
Ciallaíonn seo:
-
Is féidir leat teacht ar leabhair ó údarás leabharlainne áitiúil eile agus na téarmaí agus coinníollacha céanna a bheith i gceist atá i do leabharlann áitiúil
-
Úsáid do chárta leabharlainne áitiúla in aon leabharlann phoiblí ar fud na hÉireann
-
Is féidir leabhair a thabhairt ar ais chuig aon leabharlann phoiblí atá áisiúil duit.
Fadhb ar bith! Is féidir leat cárta eile a cheannach in aon bhrainse ar €2.