Tionscnamh is ea Taobh Tíre de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhéachann le feabhas a chur ar sheirbhísí leabharlainne a chuirtear ar fáil do phobail tuaithe agus iargúlta ar fud Chontae Dhún na nGall.

Oibríonn an tSeirbhís Leabharlainne i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla, agus le gníomhaireachtaí eile, chun rochtain a sholáthar ar sheirbhísí leabhair agus faisnéise i gceantair atá ró-bheag le brainse leabharlainne a choimeád iontu. Cuireadh tús leis an tionscadal i Nollaig 2002 agus bunaíodh 13 Ionad Taobh Tíre ar fud an Chontae. Is gnách go mbíonn na hionaid seo lonnaithe in Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Tionscadail Forbartha Pobail, Comharchumainn Phobail nó i bhfoirgnimh phobail eile.

Seoladh tuarascáil deiridh an tionscadail in Iúil 2009 agus luaitear inti go n-éiríonn leis an saghas seo de sholáthar seirbhíse agus gur cheart don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil glacadh leis do chlár náisiúnta. 

Tá 8 nIonad Taobh Tíre ann faoi láthair ar fud Dhún na nGall i gCill Chárthaigh, an Fál Carrach, Baile na Finne, Árainn Mhór, Toraigh, Na Dúnaibh, Baile Suingean agus Paiteagó. Tá láthair agus faisnéis teagmhála ar fáil do gach ionad anseo.

Mevagh Taobh Tíre taster collection    OSCAR (Computer with online access to library services) Taobh Tire Pettigo

Conas a oibríonn sé   

Tá bailiúchán beag leabhar i ngach Ionad Taobh Tíre agus tá ríomhaire amháin nó níos mó iontu a bhfuil rochtain ar an idirlíon acu. Trí rochtain a sholáthar ar an idirlíon, cuireann an tIonad Taobh Tíre rochtain ar fáil, chomh maith, ar chatalóg ar líne leabhair, fhíseáin, dhlúthdhioscaí, DVDanna agus chlosleabhair na Leabharlainne. Is féidir leat bheith mar bhall den leabharlann trí d’Ionad Taobh Tíre áitiúil. Is féidir leat na leabhair a fháil ar iasacht ar an láthair san Ionad Taobh Tíre agus earraí a ordú tríd an gcatalóg náisiúnta ar líne cé acu ag Ionad Taobh Tíre nó ón mbaile, agus is féidir iad a thabhairt chuig do rogha Ionad Taobh Tíre.

Is ionann an próiseas le bheith mar bhall de d’Ionad Taobh Tíre agus bheith mar bhall in aon leabharlann phoiblí. Tabharfaidh do chárta rochtain duit ar gach acmhainn ar líne de chuid Sheirbhísí Leabharlainne Contae Dhún na nGall, agus is féidir leat teacht orthu siúd áit ar bith trí do chárta a úsáid.

Breis Faisnéise

Library Council Desk Research

Achoimre Feidhmiúcháin ar Thaighde agus Beartas

Cás-Staidéir Thaighde agus Bheartais 

Tuarascáil Eatramhach ar Thaobh Tíre 

Tuarascáil Deiridh Thaobh Tíre 

 

Chun teacht ar bhreis faisnéise ar Thaobh Tíre, cuir glao ar: 074 9168743