Baile » Main Navigation » Naisc Thapa » Foghlaim Aosach

                 

Tá saoráidí iontacha i leabharlanna Dhún na nGall d’fhoghlaimeoirí fásta, ar líne agus ar ár seilfeanna araon.

>Brabhsáil catalóg na leabharlainne chun teacht ar na teidil a theastaíonn uait. Mura dtugann tú atá uait faoi deara, déan teagmháil le do leabharlann agus déanfaimid ár ndícheall é a fháil duit. 


> Tabhair cuairt ar ár mír Foghlaim ar Líne chun teacht ar na céadta cúrsa forbartha pearsanta.


Déan taighde linn ar líne le Britannica, Proquest, Preas Ollscoil Oxford agus níos mó.


> Tá ríomhairí poiblí agus Wi-Fi saor in aisce ann i ngach leabharlann do do ghléas féin.


> Reáchtáiltear i leabharlanna áitiúla, chomh maith, cúrsaí i gcaitheamh na bliana mar chuid dár sceideal clár. Féach ár nasc Imeachtaí chun teacht ar bhreis sonraí faoi imeachtaí atá ar siúl i do leabharlann áitiúil.


> Tá bailiúchán Foghlaim don Mhaireachtáil ina bhfuil roinnt leabhar i mBéarla neamhchasta; atá an-áisiúil chun scileanna léitheoireachta a fhorbairt.

 

Chun teacht ar fhaisnéis ar acmhainní agus cúrsaí atá ar fáil chun cabhrú le feabhas a chur ar do scileanna litearthachta, caith súil ar láithreán gréasáin na hÁisíneachta Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh ag nala.ie