Spás Déagóirí
A Dhéagóirí, is cuma cad iad na spéiseanna atá agaibh, féachfaidh Seirbhís Leabharlainne Contae Dhún na nGall le freastal ar bhur riachtanais.
Tá Bailiúcháin Leabhar ar leith againn do Dhaoine Óga atá i mbun a méide in achan cheann dár leabharlanna, ina measc leabhair le léamh mar chaitheamh aimsire agus leabhair fá choinne eolais.
Níl suim agat i leabhair? Ní haon fhadhb é sin! Tá réimse CDanna agus DVDanna ceoil againn - iad uilig ar fáil ar shíntiús bliana €17 sa chuid is mó dár leabharlanna.
I measc na seirbhísí eile nó áiseanna eile arbh fhéidir go mbeadh suim agat iontu tá:
- Úrscéalta Grafaice
- Closleabhair
- Nuachtáin agus irisí
- Clubanna Leabhar
- Rochtain Idirlín
Áiseanna Ríomhaireachta & Idirlín
Is féidir leat na háiseanna ríomhaireachta a úsáid, agus fáilte, ach:
- cead a bheith tugtha i scríbhinn ag tuismitheoir nó ag caomhnóir le go mbeifeá in ann na ríomhairí a úsáid trí fhoirm toilithe a shíniú os comhair fhoireann na leabharlainne nó
- Tuismitheoir nó caomhnóir a bheith i do chuideachta ag an am.
Ag cuartú leabhar áirithe, CD nó DVD? Úsáid an nasc seo Cuardaigh Catalóg le é a aimsiú.
Ag cuartú eolais fá choinne tionscadal scoile? Cad chuige nach mbuaileann tú isteach sna cicipléidí ar líne nó féachaint ar an tsuíomh Askaboutireland.
Ní thig é a aimsiú istigh ansin? Tá fáilte romhat dul i dteagmháil le baill foirne leabharlainne tríd an tseirbhís Cuir Ceist ar Leabharlannaí
Naisc úsáideacha eile do dhéagóirí.
Donegalyouthservice.ie – Eolas ar cad é a dhéanann siad agus ar chlubanna óige ar fud an Chontae.
Foroige.ie - suíomh idirlín na heagraíochta náisiúnta óige.
Scoilnet.ie - tairseach fá choinne oideachas Éireannach.
Sparknotes.com - deartha do dhéagóirí; tá treoracha staidéir agus áiseanna staidéir le cuidiú leat ciall a dhéanamh d'obair bhaile atá casta.
SpunOut.ie - suíomh idirlín neamhspleách faoi thiomáint na hóige ag plé le gach gné d'eolas, de shláinte agus de stíl bheatha na hóige.
Teenreads. com - ar a bhfuil ábhar le húdair mhóréilimh, léirmheasanna agus sonraí faoi leabhair úra.
Teenline.ie - soláthraíonn eolas agus tacaíocht dóibh siúd a bhraitheann uaigneach, imníoch nó i nguais nó b'fhéidir ar mhaith leo go díreach labhairt le duine éigin.


Acmhainní ar líne



