Eolas Eorpach
Is é "Aontaithe in Éagsúlacht" mana an Aontais Eorpaigh agus coinníonn an tIonad Eoraip go Díreach sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn an mana seo beo trí chuidiú le gach saoránach - Eorpach nó eile - eolas a chur ar struchtúr agus ar fhorbairt an Aontais Eorpaigh.
Ionad Eolais Eoraip go Díreach
Is í an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, an tIonad Eolais do Eoraip go Díreach fá choinne an Iarthuaiscirt, agus í ag freastal ar chontaethe Dhún na nGall, Shligigh & Liatroma. Cuireann gach Ionad réimse seirbhísí ar fáil, ina measc foilseacháin saor in aisce, bileoga agus treoracha, agus seirbhís láithreach ceisteanna agus freagraí; ríomhairí le nascadh le suíomh idirlín Europa an AE – www.europa.eu; seomra cruinnithe inar féidir cainteanna agus imeachtaí spreagúla srl a reáchtáil ar cheisteanna Eorpacha, agus cead saor in aisce scairt ghutháin a chur ar lárionad glaonna Eoraip go Díreach sa Bhruiséil. Tá an tionscadal á chomhordú ag An Chomhairle Leabharlanna agus á mhaoiniú ag Coimisiún na hEorpa.
Ó seoladh an t-ionad in 2005 tá roinnt imeachtaí spreagúla reáchtáilte againn le haird a tharraingt ar Ionad Eolais Eoraip go Díreach agus le plé agus díospóireacht a spreagadh i dtaca le ceisteanna Eorpacha. I measc na n-imeachtaí bhí ceardlanna ilchultúrtha do pháistí / do dhaoine óga, scéalaíocht ón Eoraip, tráth na gceisteanna ar an AE agus cuairteanna rialta scoile chomh maith le taispeántais fhaisnéiseacha éagsúla ar théamaí a bhaineann leis an AE.
Má tá ceist agat faoin AE, dá mba mhaith leat aiseolas a chur chuig Coimisiún na hEorpa ar cheisteanna Eorpacha nó dá mba mhaith leat go n-óstálfadh an Lárleabharlann cruinniú nó cur i láthair ar chúrsaí Eorpacha, cuir ríomhphost le do thoil chuig eudirect@donegallibrary.ie nó cuir scairt ar 074 9124950.
Fá choinne eolais ar imeachtaí AE atá ar siúl cóngarach duit, cliceáil anseo.
Eolas eile:
Eolas ar an AE fá choinne scoileanna & ollscoileanna
Eolas ar an AE agus cluichí do pháistí


Acmhainní ar líne




