Páistí & Daoine Óga
Tá réimse leathan ábhair ag Leabharlann Contae Dhún na nGall le freastal ar riachtanais eolais agus chaithimh aimsire idir pháistí agus dhaoine óga. Aithnítear gurb é an teacht ar leabhair an ghné is tábhachtaí i dtaca le forbairt léitheoireachta páistí. Is tairseach í an leabharlann chuig domhan an eolais do pháistí agus is áit í ina spreagtar an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht.
Áiseanna Leabharlainne do Pháistí agus do Dhaoine Óga
I measc na n-áiseanna tá:
- Pictiúrleabhair do pháistí níos óige
- Leabhair luathléitheoireachta do thosaitheoirí
- Neamhfhicsean do Pháistí agus do Dhaoine Óga
- Teidil ficsin do pháistí agus don óige
- Rannóg Tagartha Óige
- Closleabhair
- DVDanna
- Ríomhairí & Rochtain Idirlín
Seirbhísí do Scoileanna
Cuireann muid fáilte roimh chuairteanna ó ranganna bunscoile & ó ranganna iarbhunscoile agus tá muid sásta cuairt a thabhairt ar scoileanna fosta. Thig le múinteoir suas le 35 leabhar a fháil ar iasacht go ceann 12 sheachtain. Níl le déanamh ach litir atá sínithe ag an phríomhoide a thabhairt leat agus síneoidh muid isteach thú ag an deasc le cárta speisialta bloc-iasachta.
Thig le cuid dár leabharlanna leabhair a sheachadadh go díreach chuig scoileanna. Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil fá choinne tuilleadh eolais.
Cuidiú le hObair Bhaile
Is áit iontach í an leabharlann le heolas a fháil chun cuidiú le hobair bhaile agus tionscadail scoile. Iarr orainn ligint duit ár mbailiúchán de ghearrthóga ó irisí agus ó nuachtáin, a bhaineann le Dún na nGall, a fheiceáil. Úsáid iad le dul i ngleic leis an obair bhaile sin / leis an tionscadal scoile sin agus féach ar ár n-acmhainní ar líne. Má tá tú ag cuartú eolais fá Éirinn, faoinár dtír, faoinár gcultúr, faoinár n-oidhreacht agus faoin dóigh a n-oibríonn muid agus faoi na caithimh aimsire atá againn, féach ar an tsuíomh Fiafraigh faoi Éirinn.
Imeachtaí Leabharlainne
I mí Dheireadh Fómhair gach bliain, óstálann Leabharlann Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Rannóga Seirbhísí Cultúrtha eile, óstálann siad Wainfest - féile leabhar, ealaíne agus ceoil do pháistí de gach aois.
Reáchtáltar roinnt imeachtaí eile i rith na bliana, ina measc taispeántais agus cuairteanna ó údair. Féach ar na himeachtaí ar fad leabharlainne a bhíonn á reáchtáil do pháistí agus do dhaoine óga ar an leathanach Imeachtaí .
Ina measc seo bhí imeachtaí ar siúl i rith:
- Seachtain na hOidhreachta
- Seachtain na Gaeilge
- Seachtain Leabharlainne na hÉireann
- Mí Athaimsithe do Leabharlainne
- Seachtain Náisiúnta na hEolaíochta
- Lá Filíochta
- Lá Domhanda na Leabhar
I measc gníomhaíochtaí eile atá ar fáil tá:
- Am rannaireachta do pháistí réamhscoile
- Clubanna Leabhar
- Cláracha léitheoireachta samhraidh do pháistí de gach aois
Fá choinne tuilleadh eolais ar bhallraíocht agus ar tháillí leabharlainne úsáid an nasc seo leathanach FAQanna.


Acmhainní ar líne



