Baile » Nuacht » Bealtaine 2012

15ú Féile Bealtaine 2012

      

Cuireann Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall fáilte romhat chuig an 15ú Féile Bealtaine do dhaoine níos sine. Tá ceann de na cláracha is cuimsithí sa tír ar siúl ag Féile Bhealtaine i nDún na nGall. Tá breis agus 80 imeacht i gceist i leabharlanna agus in ionaid Taobh Tíre, in ionaid ealaíne agus phobail, in otharlanna pobail agus in ionaid cúram lae ar fud an chontae.

Is é an tIonad Cultúrtha Réigiúnach agus Leabharlann Contae Dhún na nGall a reáchtálann an fhéile, i gcomhar le réimse leathan eagraíochtaí compháirtíochta. Tá rud éigin fá choinne gach duine i i gclár na bliana seo d'Fhéile Bhealtaine.

Tá gach ceann de na himeachtaí atá sna rannóga dar teideal Taispeántais agus Ó Lá go Lá oscailte don phobal, agus tá an formhór acu saor in aisce. Tá lacáistí speisialta Bhealtaine ar fáil d'imeachtaí eile. Molann muid go mór duit leas a bhaint as an deis iontach seo agus freastal ar an oiread imeachtaí de chuid Bhealtaine agus a thig leat.

Clár do Bhealtaine 2012

Tá Bealtaine i nDún na nGall mar chuid d'fhéile ealaíne náisiúnta níos leithne, a mhaireann mí, ina ndéantar an chruthaitheacht i measc daoine níos sine a cheiliúradh. Is é Aois & Deis a chomhordaíonn an fhéile, agus tá gach cineál ealaíne i gceist. Cuirtear breis agus 1,500 imeacht ar fáil ar fud na tíre agus bíonn daoine níos sine páirteach ann mar rannpháirtithe, mar chuid den lucht féachana agus mar chuid den lucht eagraithe.

Reáchtálann réimse leathan eagraíochtaí ar fud na hÉireann imeachtaí Bhealtaine, ina measc na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, Údaráis Áitiúla agus eagraíochtaí do dhaoine níos sine. Tabhair cuairt ar http://www.bealtaine.com/ le fáil amach cad é atá ar siúl go náisiúnta.