Comórtas Chath na Leabhar
Sheol Leabharlann Phobail Charn Domhnach tionscadal spreagtha léitheoireachta do dhaltaí scoile idir 8-12 bhliain d'aois, i gcomhpháirt le 7 mbunscoil áitiúla in 2012. Ba é an cuspóir a bhí leis daltaí a spreagadh le leabharthaí maithe a léamh agus spraoi a bheith acu agus iad i gcomórtas lena gcomhpháirtithe.
Ba é 'Cath na Leabhar' an téama ar glacadh leis - bhí na chéad quizeanna bunaithe ar leabharthaí a léadh i rith an chláir CnaL, agus chuaigh na daltaí i gcomórtas lena gcomhpháirtithe ina scoileanna féin. Tharla na 'cathanna' seo, nó quizeanna, i Leabharlann Phobail Charn Domhnach i mí Aibreáin.
Ba é an chéad chéim eile den chlár ná go ndeachaigh na buaiteoirí ó gach scoil i gcomórtas leis na buaiteoirí ó gach ceann de na 7 scoil a bhí páirteach. Bhí an tráth na gceist deireanach ar siúl sa leabharlann ar an 5 Meitheamh.
D'éirigh thar barr le CnaL i mbliana agus bhí breis agus 200 dalta páirteach ann.
Is iad na scoileanna a ghlac páirt:
- Scoil Náisiúnta Bhaile na Creige Thoir
- Scoil Náisiúnta Urblereagh
- Scoil Náisiúnta Gasúr Naomh Pádraig
- Scoil Náisiúnta Tiernasligo
- Scoil Náisiúnta Cholm Cille
- Scoil Náisiúnta Girseachaí Naomh Pádraig
- Scoil Náisiúnta Eoghain
Ba í Scoil Náisiúnta Eoghain a bhain Cath na Leabhar in 2012.