Please ensure Javascript is enabled for purposes of website accessibility Donegal Library Services

Ceol Freegal 

Is seirbhís sruthú ceoil saor in aisce é Freegal a chuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar fáil anois. Tá an tseirbhís úr seo ar fáil do bhaill leabharlainne le cárta bailí leabharlainne agus PIN.

Tugann Freegal rochtain d’úsáideoirí ar os cionn 15 milliún amhrán thar 40,000 lipéad, lena n-áirítear catalóg ealaíontóirí mór le rá Ceol Sony, chomh maith le breis agus 40,000 físeán ceoil. Tá sruthú gan teorainn agus is féidir leat suas le cúig amhrán a íoslódáil agus a choinneáil gach seachtain. Is féidir leat físeáin a íoslódáil fosta, le gach físeán san áireamh mar dhá cheann as do liúntas íoslódála seachtainiúla de chúigear.

Is féidir leat aip ceoil Freegal a íoslódáil ó Aipmhargadh Apple, ó Google Play agus ar Amazon. Roghnaigh Dún na nGall nó Éire mar do shuíomh nuair a osclaíonn tú an aip, agus ansin roghnaigh Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ón liosta a chuirtear i láthair. Tá Freegal comhoiriúnach leis an gcuid is mó de na gleasanna.

Tá leathanaigh cabhrach ar fáil ar an bpríomhshuíomh trí rannán CCanna agus tá foirm iarratais le haghaidh teagmhála díreach ar fáil tríd an aip, faoi ‘tacaíocht ceol Freegle’

Faigh tuilleadh eolais ar CCanna agus faoin dóigh le Freegal a shuiteáil thíos:

Treoir Suiteála agus Forbhreathnú

Eolas Suiteála AIP Freegal – PDF

 

Ceisteanna Coitianta

CCanna Freegal - PDF

 

header logo
header logo
header logo