Please ensure Javascript is enabled for purposes of website accessibility Donegal Library Services

Saothair Ealaíontóra

Ar smaoinigh tú riamh foghlaim an dóigh le uirlis ceoil a sheinm nó foghlaim an dóigh le rud beag ealaíon a dhéanamh?  Is féidir rochtán gan teorainn a dhéanamh ar  ‘ArtistWorks’, agus thig theacht ar  cheachtanna ansin do thosaitheoirí agus doibh sin atá ar ghrád níos airde d’uirlisí, guth agus ealaín . Níl  táillí nó coinní ar bith i gceist, logáil isteach nuair a oireann sé duit.

Má tá cuidiú ar bith de dhith ort  chun an Aip Libby a úsáid, Fáigh cuidiú anseo.

Universal Class

Is féidir scileanna nua praiticiúla a fhoghlaim le Universal Class, téamaí ina measc ar nós ullmhú do phost, tuistiú, gnó, sainchaitheamh aimsire agus cúram peataí. Tá breis agus 500 cúrsa ar líne saor in aisce ann is féidir a chur in oiriúint do do chuid riachtanas agus ceapaimid go bhfuil cúrsa ann is spéis le gach duine. Idir grianghrafadóireacht dhigiteach agus ríomhchlárú, cuir céim chun tosaigh díot i dtreo scil nua a fhoghlaim.

 

 Transparent Langauge

 

Tugann Teangacha Trédhearcacha ar líne deis do fhoghlaimeoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríobhneoireachta i dteanga iasachta ar bheallach atá spraíúil, éifeachtach agus tarraingteach; ag  comhcheangal cúrsaí fairsinge agus acmhainní forlíontacha do níos mó ná 100 teanga, le Béarla ina measc.  Tá Teangacha Trédhearcacha Ar Líne ar cheann de na córais foghlama teanga is iomláine atá ar fáil.

 

Thig rochtain ar Theanga Trédhearcach Ar Líne trí chliceáil ar an deilbhín thíos, nó tríd an Aip Trédhearcach Teanga (Transparent Language App )á íoslódáil.

 

 

Tá sé riachtanach go ndéanfadh úsáideoirí reatha athshocrú ar pasfhocal Teangacha Trédhearcacha le go mbeidh siad in ann bpiocadh suas arís san áit ar stad siad.
Treoracha Athshocriathe Pasfhocal Úsáideoirí Reacha do Teangacha Trédhearcacha.

‌ 

Tadhallchlóscríobh Léigh & Litrigh 

Is cúrsa ar líne é Tadhallchlóscríobh Léigh & Litrigh atá ar fáil a mhúineann scileanna clóscríbhneoireachta chun cuidiú le páistí agus le daoine fásta feabhas a chur ar a gcuid léitheoireachta agus litriú. Trí chur chuige ilchéadfach, éisteann an t-úsáideoir leis an fhocal labhartha, feiceann sé an focal ar an scáileán agus moltar dó na méara cearta a úsáid ag baint úsáide as an méarchlár ar an scáileán.Tá Tadhallchlóscríobh Léigh & Litrigh úsáideach go háirithe dóibh siúd a bhfuil Disléicse, Diospraicse, ASD agus ADHD orthu. Tá Tadhallchlóscríobh Léigh & Litrigh thar a bheith tairbheach d’aon duine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta,scríbhneoireachta agus litrithe aige nó aici. Tacaíonn an clár gréasán-bhunaithe seo le foghlaim féinluais agus is féidir teacht air ó do bhaile féin, am ar bith ar do ghléas féin.

Chun clárú le haghaidh Tadhallchlóscríobh Léigh & Litrigh (TTRS) níl ort ach d’ainm iomlán a sheoladh ar ríomhphost chuig: [email protected]

 

header logo
header logo
header logo