Baile » Main Navigation » Ar Líne » Léamh ar Líne

Tá iad seo saor in aisce agus ar fáil 24/7 agus is féidir 5 leabhar agus 5 chlosleabhar a fháil ar iasacht ag aon tráth amháin, seo an rogha nádúrtha do dhaoine ar gach aois.

Tá na céadta teideal le roghnú agus ní bheidh ort bheith buartha riamh faoi iad a thabhairt ar ais go déanach.... ní bhíonn an t-earra ar fáil go huathoibríoch i ndiaidh 3 seachtaine.

Mar bhall de Sheirbhís Leabharlainne Contae Dhún na nGall, bíonn teacht agat ar ár bpríomhacmhainn, Borrowbox, agus dhá acmhainn fhorlíontacha. Ní gá ach an deilbhín thíos a chliceáil agus domhan na rogha a fhiosrú. 

 

An Phríomhchatalóg

 

LOTE do Pháistí

Is bunachar sonraí ar líne é LOTE4Kids lan de leabhair dhigiteacha ag cuimsiú teangacha ón domhain ar fad a bheireann deis do pháistí sult a bhaint as draíocht na leabhar i LOTE (Teangacha Seachas Béarla).

Tagann achan leabhar le aistriúcháin Bhéarla fosta le cuidiú a thabhairt do phaistí teangacha a fhoghlaim.

Tá níos mó na 2000 leabhair pictiúir digiteacha i níos mó na 65 teangacha, le leabhair úra i dteangacha difriúla ag teacht amach gach mí.

Logáil isteach anseo le do chárta leabharlainne, roghnaigh teanga, roghnaigh scéal agus bain sult as!

Moshi 

 

Íoslódáil an aip agus logáil isteach chun rochtain a fháil ar 30 lá de scéalta Moshi a chuidíonn le do pháistí codladh, siamsaíocht a thabhairt dóibh le ham scáileáin sláintiúil agus tacú lena bhfoghlaim mhothúchánach.

Nuair a bheidh do mhí istigh, níl le déanamh ach dul ar ais agus logáil isteach chun rochtain a athnuachan! Níl aon táille ar an tseirbhís seo, níl uait ach seoladh ríomhphoist!

Seomra Léitheoireachta Dhún na nGall

Fiosraigh leabhair stairiúla Dhún na nGall ar líne - Ballyshannon: It’s History and Antiquities le Allingham agus Statistical Survey of The County Of Donegal.