Tá sé iontach furasta,  nil ann ach trí chéim le bheith i do bhall. TÁ SÉ SAOR IN AISCE!

  1. Líon isteach an foirn iarratais ar líne nó tabhar cuairt ar bhrainse leabharlainne.
  2. Bíodh cruthúntas ar do sheoladh  leat nuair a thagann tú chun do chárta a bhailiú.
  3. Nuair a bheas tú cláraithe, thig leat rudaí a fháil ar iasacht láithreach bonn.

 

Páistí – Faoi 12, tar le do thuismitheoir nó le ráthóir. Beidh orthu cruthúnas seolta a thabhairt e.g. ceadúnas tiomána, bille fóntais. Tá do bhallraíocht leabharlainne agus gach seirbhís leabharlainne saor in aisce i gcónaí.

Má tá tú idir 12 -  18 mbliana d'aois, beidh ráthóir de dhíth ort chun d’fhoirm ballraíochta a shíniú.

Scoileanna agus Grúpaí - Más mian leat iasacht a fháil mar eagraíocht, réamhscoil nó scoil, tabhair leat litir le síniú ag do mhaoirseoir/phríomhoide agus beidh deis agat  suas le 40 leabhar a fháil ar iasacht ar feadh 84 lá.

 

Ó mhí an Mhárta 2017, tá seirbhís chomhroinnte á fheidhmiú ag leabharlanna poiblí ar fud Phoblacht na hÉireann do gach ball.

 Ciallaíonn sé seo gur féidir leat

  • Rochtain a fháil ar leabhair ó údarás leabharlainne poiblí eile a bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha céanna acu agus atá ag do leabharlann áitiúil
  • Is féidir leat do chárta leabharlainne áitiúil a úsáid in aon leabharlann phoiblí ar fud na hÉireann
  • Leabhair a chur ar ais chuig aon leabharlann phoiblí atá oiriúnach duit.

 

 

Níl fadhb ar bith! Féadfaidh tú cárta úr a phiocadh suas ó do leabharlann áitiúil i nDún na nGall. Iarr ar bhall foirne an chéad uair eile a bheidh tú ag brainse ar bith.