Baile » Main Navigation » Leabhair » Clubanna Leabhar


Tairbhí

Cuir beocht sa leabhar sin! Roinn d’eispéireas léitheoireachta trí glacadh le ballraíocht de Chlub Leabhar. Bealach iontach é le casadh le daoine nua, tú féin a chur in iúl agus scóip do léitheoireachta a fhairsingiú. Imeacht sóisialta atá ann agus cuireann sé an deis ar fáil chun plé a dhéanamh ar do dhearcthaí agus spreagann sé díospóireacht.

Cuireann Seirbhís Leabharlainne Contae Dhún na nGall an deis ar fáil duit bheith mar bhall den iomaí Club Leabhar atá ann ar fud an chontae inár mbrainsí leabharlainne. Tá na clubanna neamhfhoirmiúil, cairdiúil agus oscailte. Is aoibhinn le roinnt daoine plé a dhéanamh agus bíonn go leor le rá acu, is fearr le daoine eile éisteacht agus corrthuairim a nochtadh. Pé rud atá i gceist le do stíl, táimid cinnte go mbainfidh tú taitneamh as an mhéid a chuireann ár gclubanna leabhar ar fáil.

Clubanna Leabhar Leabharlainne

Tá Clubanna Leabhar Leabharlainne ar siúl in go leor leabharlann ar fud an chontae do dhaoine fásta, daoine fásta óga agus leanaí. Is gnách go gcuirtear tús leo gach bliain i Meán Fómhair agus go gcuirtear deireadh leo arís i gcaitheamh mhíonna na tsamhraidh. Cuirimid na leabhair ar fáil do gach cruinniú.

Más spéis leat bheith mar bhall de chlub leabhar atá bunaithe i leabharlann, déan teagmháil le comhalta foirne ag do rogha leabharlainne. Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil lena dheimhniú an bhfuil Club Leabhar ar siúl i do cheantar.

 

Do chlub leabhar féin a thosú

Ní féidir leat cuairt a thabhairt ar an leabharlann, nó ar mhaith leat do chlub leabhar féin a thosú le cairde nó le daoine eile arb aoibhinn leo an léitheoireacht? Tá réimse ollmhór d’acmhainní ar líne chun cabhrú leat do chuid roghanna a mheas. Is féidir leat casadh sa bhaile, ag siopa caife nó ionad pobail. Níl deireadh leis na féidearthachtaí! Mholfaimis duit úsáid a bhaint as ár Leabhrán Club Leabhar mar phointe tosaigh. Tá sa leabhrán leideanna agus go leor faisnéis áisiúil a chabhróidh leat an bealach go léir.

Is féidir le do leabharlann áitiúil rochtain a thabhairt duit ar chóipeanna ó stoc Chlub Leabhar Sheirbhís Leabharlainne Contae Dhún na nGall lena chabhrú na costais a choimeád a ísle agus is féidir. Tá réimse fairsing teideal againn do dhaoine fásta, daoine fásta óga agus leanaí. Is féidir linn thú a shocrú go dtabharfar cárta leabharlainne go sonrach duit do do Chlub Leabhar a bhfuil tréimhse shínte iasachta agus acmhainn níos mó aige. Foinse eile den chéad leabhar eile a d’fhéadfá a léamh iad ár saoráidí ríomhleabhar ar líne. Tá an méid seo go léir ar fáil saor in aisce. Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil chun teacht ar bhreis faisnéise.

 

Naisc Áisiúla

Tá réimse fairsing d’acmhainní agus láithreán ar fáil d’aon duine ar spéis leo Clubanna Leabhar agus gach rud a bhaineann leis an léitheoireacht.

 

Clubanna Leabhar ar Líne