Baile » Main Navigation » Leabhair » Léitheoirí Óga a Spreagadh

Leideanna agus comhairle

Tá ar láithreán gréasáin Leabharlanna Éireann roinnt íoslódálacha iontacha a chabhraíonn le tuismitheoirí agus cúramóirí leanaí a spreagadh léitheoireacht a dhéanamh. Cliceáil leis an mhéid atá ar fáil a fheiceáil.

 

Léitheoirí drogallacha

Níl suim ag gach duine i leabhair, ach léiríonn staidéir go n-eascraíonn todhchaí níos sona agus níos sásúla as léitheoireacht a dhéanamh go rialta ar mhaithe le sásamh. Cuirimid réimse cúrsaí saor in aisce ar líne ar fáil chun cabhrú le leanaí cur lena muinín agus lena scileanna léitheoireachta trí Universal Class.

Chomh maith leis sin, cuirimid acmhainní ar fáil, ar nós Greannán agus Irisleabhair ar Líne saor in aisce trí úsáid a bhaint as do chárta leabharlainne agus d’uimhir aitheantais phearsanta chun teacht ar réimse fairsing d’ábhar léitheoireachta, a d’fhéadfadh bheith ní b’oiriúnaí do na rudaí is spéis leo.

Seo roinnt nasc a d’fhéadfadh cabhrú le do chuid leanaí óga a spreagadh glacadh le nós na léitheoireachta.

Comhairle Barrington Stoke

Tacú le léitheoireacht leanaí

 

Tacaíocht le disléicse

Cuirtear réimse teideal ar fail i Seirbhís Leabharlainne Contae Dhún na nGall atá dírithe ar leanaí ar a bhfuil disléicse a spreagadh chun léitheoireacht níos mó a dhéanamh. Tá réimse fairsing de leabhair le Barrington Stoke againn, ina bhfuil leathanaigh, clónna agus dathú a thacaíonn le daoine ar a bhfuil disléicse. Cliceáil an nasc seo le teideal Barrington Stoke ar díol spéise é do do leanbh a roghnú agus a chur in áirithe.

Tá réimse closleabhar in go leor dár leabharlanna ar féidir leat iad a fháil ar iasacht sa bhrainse nó inar féidir leat saoráidí ríomhiasachta a chuardach chun Ríomh-Chlosleabhair a thacaíonn le leanaí a íoslódáil.

Chun teacht ar chabhair agus tacaíocht bhreise, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Chumann Disléicse na hÉireann .

 

Read DL

Tionscnamh léitheoireachta pobail a chuirtear ar siúl ar fud an chontae is ea Read DL a bhfuil de chuspóir aige an pobal go léir a spreagadh chun an leabhar céanna a léamh agus chun díospóireacht a thosú. Cuirtear ar siúl gach bliain é san Earrach agus spreagtar scoileanna, grúpaí pobail agus teaghlaigh páirt a ghlacadh. www.readdonegal.com

 

Wainfest

Is é Wainfest ár bhFéile Ealaíona agus Leabhar bhliantúil atá tiomnaithe do leanaí ina dtugtar an deis dóibh casadh le húdair agus iad féin a thumadh sna healaíona agus sa chultúr. Beidh siad róghafa lena thabhairt faoi deara go bhfuil siad ag foghlaim. www.wainfest.ie

 

Acmhainní do Mhúinteoirí

Is féidir le múinteoirí agus soláthraithe cúram leanaí iasachtaí níos mó a fháil ar feadh tréimhse níos faide (40 leabhar ar feadh 84 lá) chun timpeallacht ghrúpfhoghlama a éascú. Chun é seo a dhéanamh, tabhair litir ón scoil leat chuig do bhrainse áitiúil agus comhlánaigh foirm iarratais ghearr.

Cuirimid sraitheanna ábhar léitheoireachta ranga ar fáil do scoileanna anois. Tá seo an-oiriúnach chun ábhar léitheoireachta do ghrúpa a dhéanamh níos suimiúla. Is féidir gach sraith a fháil ar iasacht ar feadh a fhad le 84 lá, trí úsáid a bhaint as cárta do mhúinteora. Íoslódáil an liosta iomlán agus déan an scéal a fhiosrú ag do leabharlann áitiúil.