Baile » Main Navigation » Naisc Thapa » Éire Shláintiúil

Tionscnamh ar fud na tíre is ea Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann agus tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún bheith páirteach ann. Tá de chuspóir aige feasacht ar shláinte a mhéadú i limistéir na Meabhairshláinte, Sláinte Fisiciúla agus an Bhia Shláintiúil. Tá bailiúchán 102 leabhar sláinte ag gach ceann de na 13 leabharlann i nDún na nGall (aimsigh liosta ar líne díobh seo) i roinn shainithe Éire Shláintiúil.

Bhí imeachtaí ar siúl i leabharlanna Dhún na nGall chun feasacht ar shláinte a chur chun cinn. Áiríodh leo seo taispeántas cócaireachta an Chef Brian McDermott sa Leabharlann Láir, cainteanna “Bully Proof Kids” le Stella O’Malley i Leabharlann Bhun Cranncha agus tá an Dr Mary O’Kane deimhnithe chun cainteanna faoi “Buarthaí agus Imní i rith Aois an Pháiste” a sholáthar i Leabharlanna Bhun Dobhráin, Nascbhailte agus Bhéal Átha Seanaidh i Márta.

Is fiú cuairt a thabhairt ar aon cheann dár 13 bhrainse nó tabhair cuairt orainn ar líne chun leabhar dár iomaí leabhar a fháil ar iasacht a chuirfidh feabhas ar do dhearcadh i leith sláinte. Tá Ríomhleabhair agus Ríomh-Chlosleabhair ar fáil le híoslódáil, chomh maith.

Tá faisnéis bhreise ar Shláinte agus Folláine ar fáil ag healthyireland.ie. Áirítear leis seo torthaí ar shuirbhé sláinte, taighde agus pleananna  gníomhaíocht choirp. Anuas air sin, tá Pirimidí bia shláintiúil bia agus pleananna béile ar fáil duit le cur i gcló.

Chun teacht ar fhaisnéis ar an gclár náisiúnta Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann, féach Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann