Baile » Main Navigation » Naisc Thapa » Faisnéis faoin AE

Is é Ionad Faisnéise Europe Direct (IFED), an Leabharlann Láir, Leitir Ceanainn an príomh-IFED do Dhún na nGall, agus tá ocht n-ionad den saghas sin ann ar fud na tíre.  Is é cuspóir gach ionaid is chun cabhrú le gach saoránach Eorpach nó gach saoránach eile, cur amach níos mó a bheith acu ar struchtúr agus forbairt an Aontais Eorpaigh. Anuas air sin, cuirtear seirbhís satailíte Europe Direct ar fáil i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair ina gcuirtear faisnéis ar fáil i nGaeilge. Cuireann an IFED réimse seirbhísí ar fáil, foilseacháin, bróisiúir agus treoracha saor in aisce; seirbhís cheisteanna agus freagraí ar an láthair; ríomhairí a bhfuil rochtain ar láithreán gréasáin Europa an AE acu – www.europa.eu; seomra cruinnithe a bhfuiltear in ann cainteanna, imeachtaí promóisin etc. a chur ar siúl ann faoi cheisteanna Eorpacha agus rochtain saorghlao ar ionad glaonna Europe Direct sa Bhruiséil. 

Eagraíonn Ionad Faisnéise Europe Direct imeachtaí de théama Eorpach le díospóireacht agus plé a spreagadh ar shaincheisteanna Eorpacha. Áirítear leis na himeachtaí ceardlanna ilchultúrtha do leanaí/daoine fásta óga, taispeántais, scéalaíocht ón Eoraip, tráth na gceist bunaithe ar an AE agus cuairteanna rialta ar ranganna, chomh maith le taispeántais éagsúla eolasacha ar théamaí ábhartha AE.

Má tá ceist agat faoin AE, ba mhaith linn aiseolas a sholáthar don Choimisiún Eorpach ar shaincheisteanna AE nó má mian leat go gcuirfí cruinniú/cur i láthair ar siúl san Ionad ar cheisteanna Eorpacha, seol ríomhphost, le do thoil, chuig [email protected] nó déan teagmháil linn ag 074 91 24950. Má bhíonn ceisteanna i nGaeilge agat, déan teagmháil le 074 95 60862.

Chun teacht ar bhreis faisnéise faoi Europe Direct, téigh go dtí www.europedirect.ie

Tá Ionad Faisnéise Europe Direct Dhún na nGall agus na Gaeltachta comhchistithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Aontais Eorpaigh.