Baile » Main Navigation » Naisc Thapa » Work Matters

Work Matters

Clár leabharlainne ar fud na tíre is ea Work Matters a thacaíonn ní hamháin leo siúd a lorgaíonn fostaíocht agus daoine aonair ar spéis leo oiliúint, ach chun faisnéis agus acmhainní a sholáthar d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí nuathionscanta.

Cuid mhór de phlean straitéiseach Chomhairle Contae Dhún na nGall cheana féin is ea tacú le téarnamh gnó agus geilleagrach agus mar chuid den chomhairle, is tábhachtach go nglacann an tseirbhís leabharlainne páirt sa téarnamh sin.

Tá trí bhealach ann ina rannchuideoidh Work Matters.

  1. Ar an gcéad dul síos, trí rochtain phraiticiúil a sholáthar ar acmhainní ríomhaire agus clódóireachta. Tá cúig láthair dheasc shealaíochta i leabharlanna ar fud an chontae sa Leabharlann Láir i Leitir Ceanainn, Leabharlann Bhun Cranncha, Leabharlann na Nascbhailte, Srath an Urláir, Leabharlann Bhun Dobhráin agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair. Tá rochtain sna láithreacha seo ar fhoinsí faisnéis ghnó ar líne, ar nós MintelTá ranna faisnéis ghnó agus fostaíochta níos lú i ngach leabharlann ar fud an chontae.
  2. Is é an dara bealach ina rannchuideoidh Work Matters trí oibriú mar phointe tagartha agus faisnéise do na seirbhísí gairmiúla atá ag oibriú cheana féin le cuardaitheoirí poist agus fiontraithe, ar nós Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, Intreo, BOO Dhún na nGall agus an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
  3. Agus ar deireadh trí rochtain a sholáthar don fhoireann a bhfuil saineolas acu ar fheidhmeanna agus róil na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta atá díreach luaite. Beidh leabharlannaithe in ann cabhair a thabhairt, chomh maith, ar theacht ar na céadta cúrsa ar líne saor in aisce chun teangacha, gnó agus scileanna ríomhaire nua a fhoghlaim.

 

Chun teacht ar fhaisnéis ar an gclár náisiúnta Work Matters, féach Work Matters

 

Faisnéis Phobail

Tá ranna Faisnéis Phobail againn, chomh maith, i ngach ceann dár leabharlanna. Anuas ar na seirbhísí seo, tá saibhreas faisnéise ar fáil ar an Idirlíon, ina measc:

  • Faisnéis ar shláinte, tithíocht, ioncam agus ceisteanna cánach, cearta, comhdheiseanna etc.
  • Faisnéis ar an timpeallacht agus saghsanna eile d’fhaisnéis do shaoránaigh a theastaíonn ó rannpháirtíocht dhaonlathach i mbeatha shóisialta, pholaitiúil, gheilleagrach agus chultúrtha an phobail agus na sochaí ina hiomláine.

 Seo a leanas roinnt láithreáin áisiúla:

www.donegal.ie

Tairseach faisnéise thugann naisc le láithreáin ghréasáin áisiúla a bhaineann le Dún na nGall do chónaitheoirí agus cuairteoirí araon.

www.donegalcoco.ie

Faisnéis ar an údarás áitiúil (Comhairle Contae Dhún na nGall) agus a sheirbhísí, Cultúr, an Pobal agus Fiontraíocht, Uisce, Pleanáil, Tithíocht agus an Timpeallacht ina measc.

www.citizensinformation.ie

Tá ar an mBunachar Sonraí um Fhaisnéis do Shaoránaigh (Comhairle) faisnéis mhionsonraithe ar na hábhair seo a leanas:

Taisteal agus cumarsáid, ceartas, oideachas, fostaíocht, an teaghlach, sláinte, tithíocht, leas sóisialach, cánacha, an tomhaltóir agus an timpeallacht, árachas agus airgeadas, talmhaíocht, an earnáil dheonach/óige, an tAontas Eorpach, an Rialtas.

www.enterprise-ireland.com

Faisnéis ar thaighde agus nuálaíocht, agus soláthraithe Éireannacha dóibh siúd ar mian leo gnólacht a fhás.

www.localenterpriseoffice.ie/Donegal

Faisnéis dóibh siúd ar mian leo gnólacht a thosú nó a fhás i nDún na nGall, agus ar Chlár Oiliúna Fiontraíochta Dhún na nGall.

www.udaras.ie

Faisnéis ar fhorbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha ar fud na Gaeltachta.

www.gov.ie

Tá ar láithreán gréasáin Rialtas na hÉireann naisc leis an mhéid seo a leanas:

Gach eagraíocht Stáit, Roinn Rialtais, leabhar Reachtanna, faisnéis ghinearálta rialtais, poist phoiblí, Ríomhthairiscintí, Ceisteanna Coitianta agus faisnéis faoi Éirinn.

www.solas.ie

An tÚdarás Oiliúna agus Fostaíochta a thugann faisnéis do:

Seirbhísí do chuardaitheoirí poist, fostóirí agus pobail. Cuirtear faisnéis ar fáil, chomh maith, ar fholúntais phoist, cúrsaí oiliúna, cláir fostaíochta agus gairmeacha beatha.

www.donegaletb.ie

Tá ar láithreán gréasáin Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall faisnéis faoin mhéid seo a leanas:

Scoileanna agus ionaid, oideachas aosach, litearthacht d’aosaigh, cláir iar-ardteistiméireachta, oiliúint don lucht siúil, tacaíocht do mhic léinn, deiseanna gairmoiliúna agus Seirbhísí don Ógra.

www.hse.ie

Áirítear le láithreán gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faisnéis ar an mhéid seo a leanas:

Seirbhísí sláinte (de réir contae ina measc), ábhair shláinte, faisnéis phoiblí, Teastais Bhreithe, Deimhnithe Báis agus Pósta, imdhíonadh agus cártaí leighis.

INTREO

 

 

Pointe teagmhála aonair is ea Intreo do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Tá sé in ainm is cur chuige níos cuíchóirithe a sholáthar agus cuireann Intreo seirbhísí agus tacaíochtaí fostaíochta atá praiticiúil agus saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus fostóirí araon.