Baile » Photo Slider » An tSeachtain Oidhreachta

Seachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall (18 Lúnasa - 26 Lúnasa, 2012)

Tá an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ón tSatharn 18 Lúnasa go dtí an Domhnach 26 Lúnasa, 2012 agus tá Dún na nGall ar an chontae leis an líon is mó imeachtaí sa tír i ndiaidh chontaetha Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Gaillimhe.

Is deis í an tSeachtain Oidhreachta le feasacht a spreagadh i dtaca le hoidhreacht i gContae Dhún na nGall. Go deimhin, tá Contae Dhún na nGall ar cheann de na háiteanna le bheith ann i rith na Seachtaine Oidhreachta mar go bhfuil breis agus 90 imeacht beartaithe cheana fein don chontae i rith na seachtaine sin, agus an mhórchuid acu saor in aisce.

Caithfear aitheantas mór a thabhairt don iliomad eagraíochtaí oidhreachta, coistí pobail agus daoine aonaracha a reáchtálann imeachtaí, go minic ar bhonn deonach. Tá neart roghanna ann do mhuintir an chontae agus do chuairteoirí araon, le himeachtaí á reáchtáil ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Rannóg na Seirbhísí Cultúrtha, Comhairle Contae Dhún na nGall.

I measc na n-imeachtaí tá laethanta oscailte teaghlaigh, siúlóidí treoraithe, tithe oscailte oidhreacht thógtha, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, toirbhirtí le léaráidí, comórtas grianghrafadóireachta, gníomhaíochtaí páistí, taighde ginealais, seisiúin scéalaíochta, ceol traidisiúnta, aontaí ceardaíochta agus léirithe ar scileanna traidisiúnta.

Beidh an bhileog eolais póca, a mbíonn an-tóir uirthi, mar atá 'Treoir d'Imeachtaí i rith Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall', agus a chuireann Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Seirbhísí Cultúrtha, Comhairle Contae Dhún na nGall, i dtoll a chéile, beidh sin ar fáil in ionaid seirbhísí pobail, in iarsmalanna, in ionaid oidhreachta agus in oifigí turasóireachta ó thús mhí Lúnasa.

Is iad an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil a chomhordaíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, le tacaíocht ó Fáilte Éireann.

Íoslódáil 'Treoir d'Imeachtaí i rith Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall 2012'

Íoslódáil an sceideal ó lá go lá d'Imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta i gContae Dhún na nGall.

Íoslódáil Mionsonraí & Treoracha do 'Theach Oscailte an Chlocháin Léith' (Dé Sathairn, 18 Lúnasa, 2012)