Baile » Photo Slider » Bíodh do ghuth agat don bhliain

 

Cruinniú na nÓg – Bíodh do ghuth agat don bhliain 2023

Beidh lá saor cruthaitheachta ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh, 2023 agus ba mhaith linn go gcuideoidh páistí agus daoine óga Dhún na nGall linn na himeachtaí a bheidh ar siúl go háitiúil do Chruinniú na nÓg na bliana seo a phiocadh. An raibh tú riamh ag iarraidh rud éigin cruthaitheach a thriail? An bhfuil tú paiseanta faoi rud éigin agus ag iarraidh é a iniúchadh ar bhealach cruthaitheach? A Thuismitheoirí, an bhfuil rud éigin cruthaitheach ar mhaith leat go ndéanfadh do leanbh nó do lapadán triail as?

Líon isteach ár suirbhé thíos, ba mhaith linn do chuid smaointe a chloisteáil maidir le Cruinniú na nÓg 2023 a dhéanamh ar an gceann is fearr go fóill - Tá fáilte mhór roimh gach moladh is cuma cé chomh mór nó cé chomh beag!