Baile » Photo Slider » Cath na Leabhar

Comórtas Chath na Leabhar

Sheol Leabharlann Phobail Charn Domhnach tionscadal spreagtha léitheoireachta do dhaltaí scoile idir 8-12 bhliain d'aois, i gcomhpháirt le 7 mbunscoil áitiúla in 2012.   Ba é an cuspóir a bhí leis daltaí a spreagadh le leabharthaí maithe a léamh agus spraoi a bheith acu agus iad i gcomórtas lena gcomhpháirtithe. 

Ba é 'Cath na Leabhar' an téama ar glacadh leis - bhí na chéad quizeanna bunaithe ar leabharthaí a léadh i rith an chláir CnaL, agus chuaigh na daltaí i gcomórtas lena gcomhpháirtithe ina scoileanna féin. Tharla na 'cathanna' seo, nó quizeanna, i Leabharlann Phobail Charn Domhnach i mí Aibreáin.

Ba é an chéad chéim eile den chlár ná go ndeachaigh na buaiteoirí ó gach scoil i gcomórtas leis na buaiteoirí ó gach ceann de na 7 scoil a bhí páirteach. Bhí an tráth na gceist deireanach ar siúl sa leabharlann ar an 5 Meitheamh.

D'éirigh thar barr le CnaL i mbliana agus bhí breis agus 200 dalta páirteach ann.

Is iad na scoileanna a ghlac páirt:

  • Scoil Náisiúnta Bhaile na Creige Thoir 
  • Scoil Náisiúnta Urblereagh
  • Scoil Náisiúnta Gasúr Naomh Pádraig
  • Scoil Náisiúnta Tiernasligo
  • Scoil Náisiúnta Cholm Cille
  • Scoil Náisiúnta Girseachaí Naomh Pádraig
  • Scoil Náisiúnta Eoghain

 Ba í Scoil Náisiúnta Eoghain a bhain Cath na Leabhar in 2012.