Baile » Photo Slider » Faighneog na gCéadfaí

Faighneog na gCéadfaí

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Faighneog na gCéadfaí ar fáil i Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin ón 15 Samhain ar aghaidh. 

Is áit shámh, shábháilte í an fhaighneog ina bhfuil páistí agus daoine eile in ann a suaimhneas a dhéanamh. Thig leis an cheol agus na soilse a athrú sa dóigh is go bhfuil an spás fóirsteanach mar áit shuaimhneach don duine aonair. Seo í an chéad acmhainn eile atá ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a chuireann lenár Seirbhísí Céadfacha. 

Cuir scairt ar Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin ag 071 982 9665 má tá tú ag iarraidh na faighneoige a chur in áirithe.

Maoiníodh an fhaighneog chéadfaí seo le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.