Baile » Photo Slider » Léim Isteach san Am Scéalaíochta 2022

 

Scéim Sparánachtaí d’Ealaíontóirí 2022 - Treoireacha & Foirm Iarratais 

 

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh iarrataisí chuig a Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí, ó ealaíontóirí de ghach cineál cleachtas, atá i mbun toghraí éagsúla i láthair na huaire, nó atá pleananna acu tabhairt faoi toghra ar leith amach anseo. Beidh luach suas go €1500 a gceann ar na sparánachtaí seo. 

 

Tá sé mar phríomhaidhm na Scéime ná tacú le ealaíontóirí proifisiúnta uilig, a gcuid cleachtas ealaíona a choinniú agus a chur chun cinn. Tá an scéim ann chun cabhair a thabhairt d'ealaíontóirí, toghraí nó cláracha oibre a fhorbairt nó a chríochnú. Tacóidh sí le ealaíontóirí a gcleachtais a choinneáil agus a fhorbairt trí imeachtaí, taispeántaisí agus tionscnaimh ealaíona eile a thaighdiú, a dhearadh agus a chruthú.  I gcomhthéacs na bacannaí éagsúla a bhaineann l'éigeandáil an vírus Chorónach 19 ach go háirithe, ba mhian leis an Scéim tacú  le ealaíontóirí a gcleachtas a choinneál beo agus ag an am céanna pleanáil le haghaidh an todhcaí. 

 

Dáta Dheiridh

Caithfear iarrtaisí bheith faighte ag R: [email protected] roimh nó ag 4.30pm, ar An Aoine, 16ú Meán Fómhar, 2022.

 

Tá an Scéim seo maoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag An gComhairle Ealaíon.

Is féidir Treoireacha na Scéime agus Foirmneacha Iarratais 2022‌ a íoslódáil anseo (nasc) nó is féidir iarr orthu ag R: [email protected]