Baile » Photo Slider » Wainfest 2022

 

Seachtain na hEolaiochta

Tá Seachtain na hEolaíochta mar chuid d'obair Fhondúireacht Eolaíochta Éireann chun domhan iontach na heolaíochta a chur chun cinn a ceiliúradh a dhéanamh air. Is í an aidhm ná páistí scoile a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar an eolaíocht ar dhóigh spraíúil agus idirghníomhach, agus feasacht a chur chun cinn ar thábhacht agus ábharthacht ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, matamaitic) don saol laethúil. 

Beidh an fhéile ar siúl ón 13 – 20 Samhain in ionaid ar fud na hÉireann, agus is é fócas na bliana seo aird a tharraingt ar fhéidearthachtaí gan teorainn na heolaíochta agus iniúchadh a dhéanamh orthu. Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na hEolaíochta, tá clár spreagúil imeachtaí do thachráin eagraithe ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall.

Beidh an fhoireann i mbliana ag feidhmiú mar iarratas dáiríre ar athrú fíor-bhunúsach i ndearcadh agus iompraíocht daoine aonair agus eagraíochtaí chun dul i ngleic leis an ghéarchéim aeráide agus saolréanna idirnasctha íogaire ár bpláinéad a chosaint. Cuirfidh an Dochtúir Emily Grossman, údar, ambasadóir ETIM, agus saineolaí eolaíochta teilifíse, dhá imeacht ar líne i láthair. Pléifear an t-athrú aeráide, caillteanas fiadhúlra, agus cén dóigh is féidir linn go léir cuidiú le haire a thabhairt dár bpláinéad i gceann amháin dóibh. Is forbhreathnú gairid agus simplí é an dara himeacht ar réimse cheannródaíoch na míochaine athghiniúna agus ar an dóigh a n-úsáidtear gaschealla chun galar a chóireáil.

Is innealtóir agus taighdeoir í Vera O’Riordan, duine atá paiseanta faoi iompar inbhuanaithe agus iniúchadh a dhéanamh ar bheartais a thabharfadh i gcrích é. Roinnfidh sí roinnt fíricí faoi charranna leictreacha agus labhróidh sé faoi thodhchaí an taistil in Éirinn - agus cén dóigh gur féidir linn é a dhéanamh glas tríd a bheith ag siúl níos mó, ag rothaíocht, iompair phoiblí agus carranna leictreacha.

Bainfidh an t-údar as Dún na nGall, Time Nor Tide Ben Harkin, leas as taighde ó Éirinn agus ar fud an domhain, chun míniú a thabhairt ar an mhéid is féidir linn a bheith ag súil leis don todhchaí in Éirinn mar gheall ar an athrú aeráide, agus cén dóigh gur féidir linn ullmhú roimh na tionchair atá romhainn. Míníonn Ben go soiléir cén dóigh gur féidir linn an teicneolaíocht atá againn cheana féin a úsáid lenár dtír a iompú ina tír atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus todhchaí níos fearr a thógáil dúinn ar fad.

Áirítear sa sceideal freisin údair do thachráin agus pearsana teilifíse, an Dochtúir Isabel Thomas, an Dochtúir Betina Ip, agus údar na sraithe Corpse Talk, Adam Murphy. Beidh ceardlanna ann fosta ar theicneolaíocht dhigiteach – ag teagasc an dóigh le sóisialú ar líne do na páistí, agus ceardlann do Thaisceoirí Cille ina bhfaighidh páistí tuigbheáil bhunúsach ar ról agus struchtúr ceall agus DNA.

Dúirt Belinda Glackin, Comhordaitheoir Sheachtain na hEolaíochta do Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Trí imeachtaí Sheachtain na hEolaíochta, tá súil ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall aird na bpáistí a tharraingt ar na smaointe tábhachtacha faoin dóigh a bhfeidhmíonn an eolaíocht agus faoin mhéid a dhéanann eolaithe trí imeachtaí a chur i láthair a spreagann fiosracht nádúrtha agus caidéiseach an pháiste. Tá súil againn eispéiris nua a chruthú do thachráin, áthas na fionnachtana a roinnt, agus léargas nua a thabhairt ar na príomhcheisteanna a bhaineann lenár dtodhchaí a mhúnlú ”

Gheobhaidh gach bunscoil i nDún na nGall cóip leictreonach dár mbileog eolais. Cé go mbíonn na himeachtaí ar siúl i rith uaireanta scoile, bíonn siad oscailte do dhaltaí scoile sa bhaile agus don phobal i gcoitinne.

Seachtain na hEolaiochta imeachtaí: Science Week 2022 Events List