Ballraíocht

Cad é mar is féidir liom clárú mar bhall den leabharlann?

Thig le duine ar bith clárú. Thig leat clárú trí chuairt a thabhairt ar do leabharlann áitiúil nó Ionad Taobh Tíre, agus fianaise faoi do sheoladh baile a thabhairt leat m.s., ceadúnas tiomána, bille fóntais. Nuair a bheas tú cláraithe, thig leat rudaí a fháil ar iasacht láithreach bonn. Má tá duine faoi 18 mbliana d'aois, beidh ráthóir de dhíth air/uirthi. Úsáid an nasc seo le do leabharlann áitiúil or ionad Taobh Tíre a aimsiú.

 

Níl cónaí orm i nDún na nGall; an dtig liom bheith i mo bhall den leabharlann go fóll?

Thig, níl le déanamh agat ach fianaise a thabhairt leat maidir le do sheoladh baile.

 

An bhfuil táille ballraíochta ann?

Is féidir an chuid is mó de na hábhair a fháil ar iasacht saor in aisce, ach tá táille €17 ar iasachtaí CD, DVD agus físeán. Tá cead agat 3 CD & 3 DVD/Físeán a fháil ar iasacht, chomh maith le 10 leabhar nó ábhair eile. 

Cad é a tharlaíonn má chaillim mo chárta leabharlainne?

Ná bí buartha! Thig leat cárta eile a fháil ar €2.00.

 

An dtig le mo pháiste a c(h)árta leabharlainne féin a fháil? Cén aois a chaithfidh bheith aige/aici?

Is féidir le páiste cárta a fháil is cuma cén aois atá siad; níl de dhíth ach síniú ó dhuine fásta mar ráthóir ar an fhoirm chlárúcháin.

 

An gcaithfidh mé mo chárta leabharlainne a thabhairt liom i gcónaí?

Caithfidh, le do thoil. Molaimid do dhaoine an cárta ballraíochta a thabhairt leo i gcónaí lena chinntiú go n-eiseofar an t-ábhar chuig an duine cheart. Bíonn gá i gcónaí le do chárta ballraíochta más mian leat dul ar an idirlíon.

Iasachtaí

Cad é a thig liom a fháil ar iasacht ón leabharlann?

Thig leat aon rud ó sheilfeanna na leabharlainne a fháil ar iasacht seachas ábhar tagartha. Fiafraigh de bhall foirne mura bhfuil tú cinnte.

 

Cá mhéad rud a thig liom a fháil ar iasacht?

Páistí (0 – 11 bliain): suas go dtí 10 leabhar nó Físeáin/DVDanna ón leabharlann shóisearach.

Scoláirí (12 go dtí 17 mbliana): suas go dtí 10 leabhar nó Físeáin/DVCanna do shóisearaigh.

Daoine fásta (os cionn 18 mbliana): suas go dtí 10 rud.

Baill chlos-amhairc (os cionn 18 mbliana): suas le 10 rud chomh maith le 3 DVD/Físeán & 3 CD (16 rud ar a mhéid).

*Fiafraigh, le do thoil, i do leabharlann áitiúil faoi bhallraíochtaí speisialta do scoileanna, naíolanna srl.

 

Cad é mar is féidir liom rudaí a choinneáil amuigh ar iasacht?

De ghnáth, is go ceann trí seachtaine a eisítear leabhair agus ansin is féidir an iasacht a fhadú go ceann trí seachtaine eile, ach amháin sa chás go bhfuil sé curtha in áirithe ag ball eile. Is féidir ábhar a athnuachan i bpearsa, ar an tsuíomh idirlín nó ar an ghuthán. Is go ceann 3 seachtaine a eisítear DVDanna/Físeáin & CDanna; ní féidir iad seo a athnuachan.

 

Cad é mar a thig liom an rud atá de dhíth orm a aimsiú?

Is féidir leat teacht ar a bhfuil uait tríd an chatalóg-ar-líne a chuardach. Is féidir an chatalóg a chuardach de réir údair, teidil nó ábhair. Cuirfear in iúl duit an bhfuil an t-ábhar amuigh ar iasacht nó an bhfuil sé ar fáil, agus má tá, cén leabharlann ina bhfuil sé, chomh maith le cén áit go díreach taobh istigh den leabharlann áirithe sin. 

Úsáid an nasc seo leis an chatalóg a chuardach. 

 

Má chláraím i mo bhall de leabharlann áirithe, an dtig liom mo chárta leabharlainne a úsáid le hiasachtaí a dhéanamh i leabharlanna eile?

Thig, is féidir leat do chárta leabharlainne a úsáid in aon leabharlann nó in aon ionad Taobh Tíre ar fud Dhún na nGall.

 

An dtig liom ábhair a thabhairt ar ais d'aon leabharlann is mian liom?

Thig, is féidir leat d'ábhair a thabhairt ar ais d'aon leabharlann nó d'aon ionad Taobh Tíre ar fud Dhún na nGall.

 

Cad é mar is féidir liom ábhair leabharlainne a choinneáil gan fíneáil a tharraingt orm féin?

Ba chóir, ar an chéad dul síos, fíneálacha a sheachaint trí d'ábhair a fhágáil ar ais in am. Dá mba mhaith leat d'ábhair a choinneáil amuigh go ceann tréimhse níos faide, thig leat iad a athnuachan. Is féidir ábhair iasachta a athnuachan i bpearsa, ar an tsuíomh idirlín nó ar an ghuthán - ach amháin i gcás DVDanna / Físeáin, CDanna nó ábhair atá iarrtha ag iasachtaí eile.

 

Cad é a tharlaíonn má chaillim ábhar de chuid na leabharlainne?

Ná bí buartha - tabharfaidh muid am duit an rud a aimsiú.  Más rud é, i ndiaidh tréimhse réasúnta ama, nach féidir an rud a aimsiú, thig leat ceann eile a chur ina áit nó íoc as an chostas a bheadh ar cheann nua a cheannach.  Tarscaoilfear do chuid fíneálacha carntha agus bainfear an rud ó do chuntas.

 

Cad é a tharlaíonn mura gcuirim ábhair ar ais in am?

Níl fíneáil ar bith ar ábhair óige.

Gheobhaidh daoine fásta 2 sheachtain sa bhreis ar an spriocdháta leis an ábhar a fhágáil ar ais (5 seachtaine san iomlán). Mura bhfágtar rudaí ar ais laistigh den am seo, agus mura ndéanann tú teagmháil leis an leabharlann leis an rud a athnuachan, rachaidh fíneáil 50 cent an rud go huathoibríoch ar do chuntas in aghaidh na seachtaine.  Cuirfear litreacha, téacsanna nó ríomhphoist mheabhrúcháin chugat.  Má shíleann tú go bhfuil earráid déanta, pléigh seo le do leabharlann le do thoil.  Mar an gcéanna, má tá cúis mhaith agat le gan bheith in ann na hábhair leabharlainne a fhágáil ar ais in am, pléigh seo le baill foirne leabharlainne. 

 

An bhfuil táillí ar iasacht a dhéanamh?

Tá an chuid is mó den ábhar sa leabharlann saor in aisce le fáil ar iasacht.  Is ar ábhair chlos-amhairc do dhaoine fásta amháin atá táillí le híoc, mar atá, CDanna, DVDanna agus Físeáin. Cosnaíonn siad seo €17 in aghaidh na bliana.  Don €17 seo, thig leat suas le 3 CD agus 3 DVD/Físeán a fháil ar iasacht, go ceann suas le tréimhse 3 seachtaine.  Ní féidir ábhair chlos-amhairc a athnuachan ar an ghuthán ná ar an idirlíon.

Áirithintí

An féidir liom ábhair leabharlainne a chur in áirithe?

Is féidir gach ábhar leabharlainne, seachas an bailiúchán tagartha, a chur in áirithe, insan leabharlann féin, ar an ghuthán nó ar líne.  Úsáid an nasc seo Cuir ábhair in áirithe, agus logáil isteach i do chuntas ar dtús.

Tá Bailiúcháin Thagartha Leabharlainne ann le go mbeadh teacht ag gach duine ar réimse leathan eolais trí roinnt foinsí éagsúla.  Níl aon dóigh leis an leibhéal sin rochtana ar eolas a chinntiú ach amháin tríd na foinsí a choinneáil sa leabharlann an t-am ar fad. Mar gheall air seo, ní cheadaíonn muid aon ábhar ó na Bailiúcháin Thagartha dul amach ar iasacht. Mar sin féin, tá méid áirithe ábhar tagartha ar fáil ar líne tríd an tsuíomh idirlín s'againne m.s., Encyclopaedia Britannica - úsáid an nasc seo Acmhainní ar líne.

 

Cá fhad a bheas orm fanacht ar áirithint?

Braitheann sé seo ar an rud atá curtha in áirithe agat agus ar a infhaighteacht. Tá súil againn bheith in ann ábhair atá liostaithe sa chatalóg a chur ar fáil go gasta.

Má tá ábhar iasachta ar fáil i leabharlann i nDún na nGall, ní bheidh feitheamh fada ort.  Má tá an t-ábhar ar iasacht nó curtha in áirithe ag ball leabharlainne eile, is féidir go mbeidh feitheamh rud beag níos faide ort.  Bíonn an-ráchairt ar ábhar móréilimh agus ar ábhar nua-fhoilsithe, agus is féidir go mbeidh ort fanacht leis na hábhair seo a fháil.

Cuirfidh baill foirne na leabharlainne in iúl duit cé chomh fada is dócha a bheas ort fanacht.

 

An féidir leabhar a fháil nach bhfuil sa stoc i leabharlanna Dhún na nGall?

Is féidir, tá na háirithintí dóibh seo saor in aisce agus is féidir iad a dhéanamh trí www.borrowbooks.ie.  Thig leat é seo a dhéanamh ar líne nó sa leabharlann.

Is féidir áirithintí a dhéanamh d'ábhar le haghaidh taighde acadúil trí Sheirbhís Aisghabhála Doiciméad Leabharlann na Breataine.  Tá táille €5.00 ar an áis seo.   Is féidir sonraí a iarraidh ar bhaill foirne leabharlainne.

Glacfaidh sé tamall níos faide ábhar a iarrtar ó lasmuigh de stoc na leabharlainne a fháil.

Murar féidir an rud a fháil ó leabharlann eile, déanfaidh an leabharlann iarracht é a fháil tríd na soláthraithe s'againne (ach an t-airgead a bheith ann fána choinne agus faoi réir an Bheartais Forbartha Bailiúcháin atá againn).  Arís, is féidir go nglacfaidh an próiseas seo rud beag níos mó ama.

 

Cad é mar a chuirfear in iúl dom nuair a thiocfaidh m'áirithint?

Nuair a thiocfaidh d'áirithint, rachaidh baill foirne leabharlainne i dteagmháil leat trí litir, trí théacs, trí ríomhphost nó trí scairt ghutháin, más mian leat. 

 

Sonraí Leabharlainne

Cad iad na huaireanta oscailte atá agaibh?

Úsáid an nasc seo Do Leabharlann le heolas a fháil ar uaireanta oscailte na leabharlann uilig.

 

Cad é mar is féidir liom dul i dteagmháil le Leabharlanna i gContae Dhún na nGall?

FFá choinne Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall úsáid an nasc seo Riarachán Leabharlainne.

Fá choinne leabharlann ar leith, úsáid an nasc seo Do Leabharlannsa.

 

Cad iad na huaireanta oscailte atá ag na Leabharlanna Áitiúla? - Cad é faoi shocruithe saoire?

Tá uaireanta oscailte éagsúla i bhfeidhm.  Úsáid an nasc seo Do leabharlannsa le heolas a fháil ar uaireanta oscailte na leabharlann uilig. 

Bíonn socruithe saoire éagsúil in achan leabharlann áitiúil.  Druidtear gach leabharlann ar laethanta áirithe i rith na Nollag, na Cásca, Lá Fhéile Pádraig agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir leat dul i dteagmháil le leabharlanna ar leith le heolas níos cruinne a fháil tríd an nasc Aimsigh do Leabharlannsa a úsáid thuas.

Cuirfear eolas faoi laethanta druidte suas ar Shuíomh Idirlín na Leabharlainna fosta.

 

An féidir liom mo pháistí a fháil sa leabharlann gan mhaoirseacht?

Comhairlíonn Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall gan páistí faoi bhun 12 bhliain a fhágáil gan mhaoirseacht sa leabharlann mar is féidir leo éirí dúdóite agus trioblóideach.

Seo an chomhairle a chuireann muid:

  • Ní féidir páistí faoi bhun 7 mbliana d'aois a fhágáil gan mhaoirseacht sa leabharlann ag am ar bith. 
  • Is féidir páistí idir 7-12 bhliain a fháil gan mhaoirseacht go ceann uair a chloig le leabhair a roghnú, obair baile a dhéanamh nó na ríomhairí a úsáid. 
  • Is féidir le daoine óga os cionn 13 bliana d'aois an leabharlann a úsáid gan mhaoirseacht. 

Cuir ceist ar bhaill foirne maidir le Beartas Páistí Leabharlann Chontae Dhún na nGall.

 

An féidir liom an Ghaeilge a úsáid agus mé ag úsáid na seirbhíse leabharlainne?

De réir na reachtaíochta reatha, tá leabharlanna Dhún na nGall tiomanta do sheirbhís i nGaeilge a chur ar fáil nuair a iarrtar í.  Tá roinnt ball foirne níos cumasaí ná a chéile, agus mar sin de, iarrann muid ar úsáideoirí leabharlainne bheith foighdeach de réir mar atá baill foirne ag tabhairt faoi oiliúint leanúnach.

 

An gcuireann tú áiseanna ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas?

Tá beartas 'Rochtain d'achan Duine' ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus tá sé sin de réir an Achta Mhíchumais 2005.  Tá feabhsúcháin rochtana á ndéanamh ar bhonn leanúnach.

Má tá deacracht agat i dtaca le rochtain, bheimis buíoch duit ach sin a chur in iúl do bhaill foirne na leabharlainne.

 

Seirbhísí Eile

An bhfuil áiseanna fótachóipeála, clódóireachta, lannaithe agus facsála agaibh? - Cad é an costas atá orthu?

Tá áiseanna fótachóipeála sa chuid is mó de na leabharlanna ach tá roinnt leabharlann bhrainse níos lú ann nach mbeadh áiseanna acu b'fhéidir.  Úsáid an nasc seo Do Leabharlannsa le feiceáil an bhfuil siad ar fáil.

Seo a leanas na costais fótachóipeála:

  •  Tá 20 cent an duilleog ar Dhubh & Bán (aon mhéid) - taobh amháin & 40 cent ar dhuilleog dhá-thaobhach.
  • Tá 50 cent ar dhuilleog dhaite (A4) - taobh amháin & €1.00 ar dhuilleog dhaite dhá-thaobhach.
  • Tá €1.00 ar dhuilleog dhaite (A3) - taobh amháin & €2.00 ar dhuilleog dhaite dhá-thaobhach.

Tá áiseanna clódóireachta in achan leabharlann.

Seo a leanas na costais chló:

  • Tá 20 cent ar dhuilleog dhubh agus bhán - taobh amháin & 40 cent ar dhuilleog dhá-thaobhach.
  • Tá 50 cent ar dhuilleog dhaite - taobh amháin & €1.00 ar dhuilleog dhaite dhá-thaobhach.

Tá seirbhís lannaithe i gcuid de na leabharlanna.  Úsáid an nasc seo Do Leabharlannsa thuas le feiceáil an bhfuil siad ar fáil.

Is iad na costais lannaithe ná 50 cent ar dhuilleog A4.

Tá seirbhís facsála ar fáil sa chuid is mó de na leabharlanna. Úsáid an nasc Aimsigh do Leabharlannsa thuas le feiceáil an bhfuil sé ar fáil.

Seo a leanas na costais facsála:

  • 50 cent an bomaite Áitiúil & Náisiúnta
  • €1.00 an bomaite chuig an Ríocht Aontaithe
  • €2.00 an bomaite don chuid eile den domhain
  • Tá costas 20 cent in aghaidh na duilleoige ar gach leathanach a fhacsáiltear isteach.

 

An féidir liom eolas a fháil ar an dóigh le tabhairt faoi mo ghnólacht féin a thosú?

Is féidir. Tá rannóga suntasacha gnó sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn agus i Leabharlann Bhun Cranncha, agus tá rannóga gnó níos lú ar fáil sa chuid is mó de na leabharlanna eile. 

Sna rannóga gnó sa Lárleabharlann agus i mBun Cranncha tá leabhair, eolairí, Reachtaíocht Rialtas na hÉireann, irisí gnó, bunachair shonraí saor in aisce, gearrthóga nuachtáin agus eolas ábhartha i dtaca le gnó áitiúil ar fáil.  Tá neart eolais acu ar an dóigh le Gnólacht a thosú. 

Úsáid an nasc seo Gnó/Pobal fá choinne tuilleadh eolais.

 

An dtig liom eolas a fháil ar an Aontas Eorpach?

Thig. Is í an Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, an tIonad Eolais um Eoraip go Díreach fá choinne an Iarthuaiscirt, ina bhfuil Dún na nGall, Sligeach & Liatroim.  Úsáid an nasc seo Eolas AE fá choinne tuilleadh eolais.

 

Ba mhaith liom na leabhair atá á léamh agam a phlé le daoine eile.  An bhfuil clubanna leabhar agaibh?

Tá. Tá clubanna leabhar ag an chuid is mó de na leabharlanna agus tagann siad le chéile uair sa mhí, agus tugann roinnt leabharlann tacaíocht do chlubanna leabhar seachtracha fosta.  Úsáid an nasc seo Clubanna Leabhar le club leabhar atá cóngarach duit a aimsiú.

 

Internet

Can I access Internet in my library?

All Donegal libraries currently open to the public have Internet access.  WIFI access is available in Central Library, Letterkenny and Carndonagh, Ballybofey and Bundoran libraries. Use this Computers link for more information.

 

Do I need to book the Internet? - How much does it cost?

Each Internet session is 55 minutes long.

It is advisable to book your Internet session in advance, as Internet access is very popular.  To book, contact your local library using this Your Library link.

Internet access is free for research – speak to library staff for further details.

Some nominal Internet fees apply for non-research as follows:

  • Junior Internet (under 18), non-research - €1 per 55-minute session.
  • Adult Internet (over 18), non-research - €2 employed / €1 unemployed per 55 minute session.

 

How long can I have on the Internet?

Internet sessions last for 55 minutes.  Contact your local library staff for exact details of start/finish times.

 

Other Services

Do you have photocopying, printing, laminating and fax facilities? – How much do they cost?

Most libraries have photocopying facilities but some smaller branches may not.  Use this Your Library link to check availability.

 

Photocopy costs as follows:

  • Black & White (any size) is 20 cent per sheet - one side & 40 cent per sheet - double side.
  • Colour (A4) is 50 cent per sheet – one side & €1.00 per sheet – double side.
  • Colour (A3) is €1.00 per sheet – one side & €2.00 per sheet – double side.

All libraries have printing facilities.

Printout costs as follows:

  • Black & White is 20 cent per sheet - one side & 40 cent per sheet - double side.
  • Colour is 50 cent per sheet – one side & €1.00 per sheet – double side.

Some libraries have laminating service.  Use the Find Your Library link above to check availability.

Laminating costs are 50 cent per A4 sheet.

Faxing is available in most libraries. Use the Find Your Library link above to check availability.

Fax charges as follows:

  • Local & National is 50 cent per minute
  • UK is €1.00 per minute 
  • Rest of world is €2.00 per minute
  • Charge for receiving fax is 20 cent per page.

 

Can I get information on starting my own business?

Yes. Central Library, Letterkenny and Buncrana library have substantial business sections while most other libraries have smaller business sections. 

Business sections in Central and Buncrana hold books, directories, Irish Government Legislation, business magazines, free databases, newspaper cuttings and relevant local business information.  They have extensive information on starting a Business. 

Use this Business/Community link for more information.

 

Can I get information on the European Union?

Yes. Central Library, Letterkenny is the Europe Direct Information Centre for the North  West region covering Donegal, Sligo & Leitrim.  Use this EU Information link for more information.

 

I would like to discuss the books I read with other people.  Do you have book clubs?

Yes. Most libraries have very active book clubs meeting once a month and some libraries also support external community book clubs.  Use this Book clubs link to find a book club near you.