Baile » Sócmhainní Córas » Homepage Left Column » Áitiúil / Teaghlaigh Stair

Stair Áitiúil agus Stair Mhuintire

Áiseanna Staidéir Áitiúla sa Lárleabharlann 

Tá bailiúchán cuimsitheach leabhar, irisí agus ábhar eile ar an ghinealas agus ar stair mhuintire ar fáil sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn.  Cé nach bhfuil na bunábhair againn, mar shampla taifid ar bhreitheanna, phóstaí srl, is féidir leat na háiseanna stair mhuintire atá againn a úsáid le tús a chur leis an chuardach don tsinsearach do-aimsithe úd.  Is é an dóigh is fearr leis an úsáid is fearr a bhaint as na háiseanna ar leith seo ná lá, nó cuid de lá, a chaitheamh sa Lárleabharlann.  Tá muid ag obair go crua le níos mó de na háiseanna seo a chur ar líne.  D'fhéadfaí cuid de na hábhair a bhfuil tóir orthu bheith ar mhicreascannán, agus mar sin de molaimid duit dul i dteagmháil leis an Lárleabharlann le áirithint a dhéanamh más gá.

Tá bailiúcháin níos lú ar stair áitiúil ar fáil i leabharlanna áitiúla agus d'fhéadfaí go bhfuil an t-eolas atá tú a dh'iarraidh ar fáil go háitiúil, nó tú a threorú i dtreo an méid atá de dhíth ort. Tá ábhair ar mhicreascannán ar fáil fosta sna leabharlanna i mBun Cranncha, i mBun Dobhráin agus ar an Chlochán Liath. Moltar duit áirithint a dhéanamh le nach mbeidh díomá ort. Fá choinne sonraí teagmhála agus uaireanta oscailte don Lárleabharlann agus do gach leabharlann eile, ba chóir duit  cliceáil anseo.

Bileog ar Stáidéir Áitiúla

Leabharliosta Bliana Dhún na nGall (Iúil 2011 - Meitheamh 2012)

Tionscadal Diaspóra Dhún na nGall

Má tá tú thar lear agus má tá suim agat i nDún na nGall, nó ceangal agat leis an chontae, d'fhéadfaí go mbeadh suim agat sa tionscadal seo. Bunaíodh Tionscadal Diaspóra Dhún na nGall le nasc gníomhach a dhéanamh leis an phobal dhomhanda sin, agus feidhmíonn sé mar acmhainn fá choinne eolais, nascanna, comhpháirtíochta agus forbartha. Is é Slógadh Dhún na nGall 2012 an chéad togra mór de chuid an Diaspóra. Le tuilleadh eolais a fháil teigh chuig www.donegaldiaspora.com.

Foinsí i dtaca le Stair Mhuintire sa Lárleabharlann
Foinsí eile: eisimirce, cláracha paróiste, inscríbhinní ar leaca uaighe
Naisc chuig suíomhanna eile a phléann le Stair Mhuintire & Ginealas

 

Foinsí Stair Mhuintire sa Lárleabharlann

Tá na mórfhoinsí seo a leanas ar fáil sa Lárleabharlann:

Taifid Daonáirimh agus Ionadaigh Daonáirimh

 

Daonáireamh 1901; Daonáireamh 1911

Mar gheall ar an scrios a rinneadh ar fhoirgneamh na gCeithre Chúirt i rith Chogadh na gCarad, is iad na taifid iomlána is luaithe atá ar marthain againn ná na daonáirimh a rinneadh i 1901 agus i 1911. Tá cóipeanna de na freagraí Daonáirimh i 1901 agus i 1911 don chontae ar fáil ar mhicreascannán againn, [bunchóipeanna sa Charlann Náisiúnta]. Tá liostaithe orthu seo gach duine a bhí i láthair sa líon tí ar oíche an daonáirimh (31 Márta 1901, agus roinnt dátaí áirithe idir Eanáir agus Bealtaine 1911), a ngaol leis an tsealbhóir tí, creideamh, obair, aois agus sonraí pearsanta eile.  Tá na freagraí socraithe de réir Toghroinn Ceantair agus baile fearainn.

Is féidir na taifid eile sa chatagóir seo a aicmiú mar ionadaigh daonáirimh.

Rolla Tiomsachain

Is é seo an t-ionadach daonáirimh liostaithe is sine dá bhfuil againn, ó 1630. Is é atá ann liosta d'fhir inniúla atá in ann troid má bhí siad de dhíth ar an Choróin, liostaithe de réir barúntachta agus de réir 'adhlacóra'. Tá sé curtha in athchló i mBliainiris Dhún na nGall Iml. 10 (2). 1972. lth130-149, ón lámhscríbhinn BM Add. MS 4770.

An tSuirbhéireacht Shibhialta

Is é atá ann seo taifead d'úinéireacht talún a tiomsaíodh idir 1654 agus 1656. Tá an tSuirbhéireacht Shibhialta do Dhún na nGall clóite, i gcomhar leo siúd do Dhoire agus do Thír Eoghain, i monagraf a foilsíodh i 1937. [An tSuirbhéireacht Shibhialta A.D. 1654-1656. Baile Átha Cliath: Oifig Stáiseanóireachta, 1937].

Daonáireamh Pender

Is taifead den chineál chéanna é seo, leagtha amach de réir barúntachta agus baile fearainn, ar ar liostaíodh daoine a bhí i dteideal tailte, líon na nGael agus na Sasanach, agus príomhainmneacha Gaelacha (liosta luachmhar). Is ó Shéamus Pender, a chuir eagar air, a thagann a ainm ach ba é William Petty a thiomsaigh é i 1659. [Seamus Pender. Daonáireamh Éireann circa 1659. Baile Átha Cliath: Oifig Stáiseanóireachta, 1939].

Suirbhé Pynnar

Dálta Dhaonáireamh Pender is suirbhé é seo ar thionóntaí dúchasacha Éireannacha a bhí go fóill ar thailte forghéillte, agus tá sé le fáil in The Plantation in Ulster le George Hill. Béal Feirste: M'Caw, Stevenson & Orr, 1877. 621lth.

Rollaí Airgid Teallaigh

Liostaítear iontu seo ainmneacha sealbhóirí tí a bhí cáilithe le Cáin Teallaigh a íoc, agus tiomsaíodh iad i 1665. Is fotachóip innéacsaithe atá againne, ó lámhscríbhinn PRON T 307/C.

Uachtanna

Achomaireacht Uachtanna i gClárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas

  • Imleabhar 1 1708 - 1745
  • Imleabhar 2 1746 - 1785
  • Imleabhar 3 1785 - 1832.

Saorshealbhóirí

Is é atá ann clóscríbhinn faoi cheangal d'úinéirí ruílsí i nDún na nGall, a cláraíodh idir 1760 agus 1769. Thángthas ar na bunlámhscríbhinní in íoslach Theach Cúirte Leifir i 1933 agus cuireadh chuig an Leabharlann Náisiúnta iad.

Cláracha Pósta Ráth Bhoth

Is é atá ann fotachóip de chuid de na póstaí Caiticleacha ón 18ú haois i gcláracha Protastúnacha i nDeoise Ráth Bhoth.

Sealbhóirí Tí Protastúnacha

Athchlódh liosta de na sealbhóirí tí Protastúnacha, a bhí i bparóiste na Leice i 1766, in 'The Laggan and its Presbyterianism' le Lecky (1905). Tá liostaithe anseo fosta Rollaí Airgid Teallaigh d'Oirthear Dhún na nGall [1665], tionóntaí ar eastát Abercorn, agus sealbhóirí tí i mBaile Suingean, araon i 1794.

Paróiste Chúil Dabhcha

Is fótachóip é seo de liosta de dhaoine i bParóiste Chúil Dabhcha, 8 Márta, 1782.

Liostaí Préimheanna Tuirne

Is fótachóip é seo de na daoine siúd i nDún na nGall ar íocadh préimh leo i 1796, i dtaca le sníomh lín.

Ceaprannta na nDeachúna

Is é atá ann liosta de shealbhóirí talún, a tiomsaíodh i dtús ama ar mhaithe le híocaíochtaí deachúna, a bhíodh le híoc le Reachtaire áitiúil de chuid Eaglais na hÉireann. Tá fótachóipeanna faoi cheangal de leabhair Cheannroinnt na nDeachúna againn do na paróistí seo: Achadh nUinseann (1834), Eachinis (1830), An Bheart (183-), Díseart Eignigh (183-) agus Dún na nGall (183-). Tá an ceann fá choinne Mhíobhaí (1827) in athchló in 'Mevagh Down the Years' le Leslie Lucas.  Béal Feirste: Appletree Press, 1982. [bunchóipeanna sa Chartlann Náisiúnta].

Ábhar eile Fótachóipeáilte

  • 'Donegal remembers World War I dead' (liosta fear ón Chontae a throid agus a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda).
  • Liosta teaghlach i bParóiste Chonbhála 1878 / arna thiomsú ag W. Craig.
  • Seanteaghlaigh Leitir Ceanainn / arna thiomsú ag Sam Fleming.
  • Baistí in Eaglais Murlog 1773-1777
  • Naomh Ádhamhnáin Leitir Ceanainn: Liosta Línte Pósta 1857.

 

Taifid Talún ~ Luacháil Uí Ghríofa

 

Luacháil Phríomhúil Uí Ghríofa

Liostaítear anseo - sa chéad luacháil chaighdeánach ar réadmhaoin in Éirinn - sealbhóirí tí agus léasóirí de réir baile fearainn, paróiste, aontas dhlí na mbocht, agus barúntachta. Tá seit iomlán againn do Dhún na nGall, in imleabhair atá eagraithe de réir barúntachta. Cé gurb iad 1857-58 na blianta foilsitheoireachta atá luaite do Chontae Dhún na nGall, tá fianaise láidir ann a déarfadh go ndearnadh an luacháil suas le deich mbliana ní ba luaithe ná sin. Tá a fhios againn, mar shampla, go bhfuair cuid de na daoine ar liostaíodh iad a bheith i láthair i 1857-58, go bhfuair siad bás sa Ghorta Mhór. Tá na léarscéaileanna a bhaineann le Luacháil Uí Ghríofa á gcoinneáil in Oifig na Luachála, Baile Átha Cliath.

Tá eolas ar ghinealas agus ar stair mhuintire le fáil fosta i roinnt monagraf m.s. 'Three Hundred Years in Inishowen' le hAmy Isabel Young, Béal Feirste: McCaw, Stevenson & Orr, 1929, 'History and Antiquities of Killybegs' le Charlie Conaghan Béal Átha Seanaidh, 1975, agus níos mó.


Foinsí Eile

 

Liostaí Eisimirce

Tá roinnt liostaí foilsithe paisinéara againn (go príomha do shoithigh a d'fhág Cé Dhoire) agus liostaí inimirce de chuid na Stáit Aontaithe. Téann na taifid is luaithe siar chomh fada le 1725. Ina measc tá:

  • Paisinéirí ó Dhún na nGall ar na Liostaí Cuidithe Paisinéara ó Plymouth, Sasana go Sydney san Astráil 1848-1868 / arna thiomsú ag Richard Reid.
  • Eisimircigh ó Éirinn go Meiriceá 1735-1743 le Frances McDonnell.
  • Paisinéirí ó Éirinn: liostaí paisinéirí ag teacht i dtír i Meiriceá idir 1811 agus 1817 / le Donald M. Schlegel.
  • Liostaí paisinéirí Éireannacha 1847-1871: liostaí paisinéirí ag taisteal ó Dhoire go Meiriceá ar longa de chuid Líne J & J Cooke agus Líne de chuid McCorkell / arna thiomsú ag Brian Mitchell.
  • Liosta paisinéirí ar an 'Invercargill', a sheol go Nua-Shéalainn 1878 (65 paisinéir ó Chontae Dhún na nGall) [fótachóip].
  • Inimirce Bhaill Éireannacha de Chumann na gCarad go Pennsylvania 1682-1750

 

Inimircigh ón Ghorta Mhór, ag liostú inimircigh Éireannacha ag teacht i dtír ag Cé Nua-Eabhrac [7 n-imleabhar]

  • Imleabhar 1: Eanáir 1846 - Meitheamh 1847
  • Imleabhar 2: Iúil 1847 - Meitheamh 1848
  • Imleabhar 3: Iúil 1848 - Márta 1849
  • Imleabhar 4: Aibreán 1849 - Meán Fómhair 1849
  • Imleabhar 5: Deireadh Fómhair 1849 - Bealtaine 1850
  • Imleabhar 6: Márta 1850 - Márta 1851
  • Imleabhar 7: Aibreán 1851 - Nollaig 1851

 

Cuardach cairde ar lár: Fógraí ó inimircigh Éireannacha sa Boston Pilot [8 n-imleabhar]

  • Imleabhar 1: 1831 - 1850
  • Imleabhar 2: 1851 - 1853
  • Imleabhar 3: 1854 - 1856
  • Imleabhar 4: 1857 - 1860
  • Imleabhar 5: 1861 - 1865
  • Imleabhar 6: 1866 - 1870
  • Imleabhar 7: 1871 - 1876
  • Imleabhar 8: 1877 - 1920

 

Cláracha Paróiste

Tá cóipeanna micreascannáin de chláracha paróiste de chuid Eaglais na hÉireann againn do pharóistí Inbhir, Thamhnach an tSalainn, Chill Leacht Aodha agus na gCealla Beaga, iad uilig i ndeisceart an chontae. Tosaíonn taifid Inbhir (Baistí agus Póstaí) i 1805, Baistí na gCealla Beaga i 1809 agus Póstaí i 1838, Póstaí Chill Leacht Aodha i 1857 agus baistí i 1873, agus Póstaí Thamhnach an tSalainn i 1861 agus Baistí i 1877.

 

Inscríbhinní ar Leaca Uaighe

Tá taifid chlóscríofa againn d'inscríbhinní ar leaca uaighe do na reiligí seo a leanas, chomh maith le plean leagan amach:

  • Achadh nUinseann
  • Baile Aghaidh Chaoin
  • An Bhroclais
  • Cluain Lao
  • Gartán 
  • Inbhear (Eaglais na hÉireann)
  • Inbhear (Sean)
  • Cill Leacht Aodha (Eaglais na hÉireann)
  • Cill Leacht Aodha (Sean)
  • Na Cealla Beaga (Naomh Caitríona)
  • Cill Mhic Réanáin
  • Cill Mainistreach
  • An Leac
  • Ráth Bhoth (Ardeaglais Naomh Adhamhnán)
  • Raymoghy
  • Tulacha Beigile
  • Tulach Each Inis

 

 Tá roinnt taifead d'inscríbhinní ar leaca uaighe curtha i gcló:

  • Assaroe Abbey 
    - Ó Gallachair, Pádraig. 'Assaroe Cemetery' Bliainiris Dhún na nGall Iml. 3 (3). 1957. lth81-107.
  • Béal Átha Seanaidh, Eaglais na hÉireann
    - Begley, Anthony. 'Graveyard inscriptions at St. Anne's Church of Ireland, Ballyshannon'. Bliainiris Dhún na nGall Iml. 12 (2). 1978. lth320-358.
  • Carne, Paiteagó 
    - Ó Gallachair, Pádraig, Slevin, P., agus Cunningham, John 'Carne Graveyeard, Pettigo, Co. Donegal' Bliainiris Dhún na nGall Iml. 41, 1989. lth135-156.
  • Fionnúir
    - Ó Gallachair, Padraig Where Erne and Drowes meet the Sea [s.l.: s.n.] 1961.
  • Machaire Gathláin (Maheragallon)
    - Irish Family History 5, 1989.

 


Eolairí

Tá réimse eolairí againn, i bhfoirm chlóite agus mhicrifíse, a bhaineann le hIarthuaisceart na hÉireann, ar a bhfuil liostaí de cheannaithe agus de 'fhir uaisle'. Ina measc tá

  • Directory of Ireland le Slater 1846, 1856, 1870, 1881 and 1884.
  • Directory of Ireland le Pigot 1820, 1821, 1822 and 1824.
  • Treoir Phóirtéir do dhéantúsóirí agus do loingseoirí na hÉireann 1908.

 


Nascanna chuig suíomhanna eile a bhaineann le Stair Mhuintire & Ginealas

Le tuilleadh eolais a fháil ar Stair Mhuintire & ar Ghinealas i gContae Dhún na nGall déan teagmháil le

Eaglais na hÉireann

Sinsearacht Dhún na nGall

Cartlann Chontae Dhún na nGall  

Acmhainní Ginealais Dhún na nGall

Leabharlann Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha, Oileán Ellis

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann