Cliceáil anseo le logáil isteach i do chuntas leabharlainne
Fógraíonn an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn Craobh-Údar úr na n-Óg.
Dé Máirt 8 Bealtaine 2012 d'fhógair an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn gurb í Niamh Sharkey, údar agus maisitheoir, craobh-údar na hÉireann do litríocht do pháistí, agus bhronn sé bonn Chraobh-Údar na nÓg uirthi ag ócáid speisialta ag an Chomhairle Ealaíne.
Is údar agus maisitheoir leabhar páistí í Niamh Sharkey, atá aistrithe go dtí breis agus fiche teanga. Tá neart gradam bainte ag a cuid leabhar, ina measc an gradam ard-urraim Mother Goose agus Leabhar Bliana Bisto.
Chruthaigh agus chomhléirigh Niamh The Happy Hugglemonsters, sraith bheochana réamhscolaíochta le 52 clár, bunaithe ar a leabhar siúd The Hugglewugs, a bheas á chraoladh ar Disney Junior i níos mó ná 150 tír i 2012.
Agus í ag caint faoina ceapachán arsa Niamh: 'Is mór an onóir é bheith roghnaithe mar an chéad Chraobh-Údar na nÓg eile. Is déantóir leabhar pictiúr mé agus dá bhrí sin mar Chraobh-Údar beidh mé ag cur béime ar an tsaothar súl chomh maith leis an tsaothar liteartha. Tá sé i gceist agam níos mó den obair is ansa liom a dhéanamh - litríocht d'ardchaighdeán do pháistí a chur chun cinn agus ag spreagadh daoine óga le léamh, le scríobh agus le tarraingt. Tá cuid mhór smaointe agam agus tá súil agam go spreagfaidh siad an chruthaitheacht i bpáistí d'achan aois. Tá mé tógtha go mór agus tá mé ar bís le toiseacht ar an obair'
Tuilleadh eolais faoi Niamh Sharkey trí chliceáil anseo.
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíne é Craobh-Údar na nÓg, le tacaíocht ó Oifig an Aire Gnóthaí Páistí agus Óige, Leabhair Pháistí Éireann, Éigse Éireann agus Comhairle Ealaíne Thuaisceart Éireann. Cuireadh tús leis an onóir le daoine óga a chur ag smaointiú ar litríocht d'ardchaighdeán do pháistí agus le beim a chur ar thábhacht na litríochta do pháistí sa tsaol chultúrtha agus samhlaíochta.
Dúirt Mags Walsh, Stiúrthóir Leabhair Pháistí Éireann:
"Sa dá bhliain ó bunaíodh é, bhí de chumas ag Craobh-Údar na nÓg an talann iontach agus an paisean atá le brath i bpobal leabhair pháistí na hÉireann, a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Trí aird náisiúnta agus idirnáisiúnta a tharraingt ar leabhair pháistí de chuid na hÉireann, léirigh Craobh-Údar na nÓg an ról lárnach a thig a bheith ag leabhair i saol páistí in Éirinn".
Ba í an t-údar Siobhán Parkinson an chéad Chraobh-Údar na nÓg, curadh i gcúis na litríochta do pháistí. I measc na dtionscadal a rinne Siobhán agus í sa ról bhí an Leabharlann Idirnáisiúnta Craobh-Údair, ina bhfuil breis agus 100 leabhar páistí, idir Éireannach agus idirnáisiúnta, roghnaithe ag an Chraobh-Údar mar eiseamláir de chaighdeán na scríbhneoireachta idirnáisiúnta do pháistí ar fud an domhain, chomh maith le Books Beyond Borders, tionscadal a scrúdaigh cúrsaí leabhar agus léitheoireachta i sochaithe ilchultúrtha.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Chraobh-Údar na nÓg cliceáil anseo.


Acmhainní ar líne



