Baile » Photo Slider » Baile Dhún na nGall 550

Seirbhís Leabharlainne Baile Dhún na nGall 550

 

Annála na gCeithre Máistrí

 

Taispeánfar an t-eagrán  eacht n-imleabhar 1856 John O’Donovan de Annála na gCeithre Máistrí i leabharlann Bhaile Dhún na nGall le linn chomóradh Dhún na nGall 550 ar fad.

Is é Stair íocónach de chuid na hÉireann, Annála na gCeithre Máistrí. Is é an cnuasach is fairsinge d’annála ársa na hÉireann é. Bhí tionchar ag an saothar seo ar scríobh na staire náisiúnta ón 17ú haois ar aghaidh. Tháinig méadú ar a thábhacht nuair a rinne an scoláire mór John O’Donovan eagarthóireacht agus foilsiú ar na hannálacha i seacht n-imleabhar idir 1848 agus 1851. Tugadh Annála Ríocht na hÉireann air ar dtús agus ba iad bProinsiasach Éireannach a chuir achan rud le chéile le croinéil a dhéanamh ar stair na hÉireann ón réamhstair go dtí 1616 AD. Cé go raibh na na hiontrálacha níos luaithe gann agus tearc, fásann siad níos saibhre agus níos iomláine de réir mar a théann am ar aghaidh.Go luath sa 17ú haois déag, chuaigh an tír fríd tréimhse chorraithe ollmhór tréimhse chorraithe ollmhór a chuimsigh imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607. San am sin thosaigh na Proinnsiasaigh fhianaise dhoiciméadach an stair seo a bhailiú. Ba é Micheál Ó Cléire, as Dún na nGall ó dhúchas, ina sheanadóir agus ina fhile oilte de shliocht líne fhada scoláirí. Cuireadh ó Lováin go hÉirinn é i 1626 chun lámhscríbhinní a bhailiú ag baint le saolta naoimh na hÉireann. Le linn dó a bheith in Éirinn, áfach, Smaoineadh sé na seanleabhair veilleam uilig de annála áitiúla ar fud na tíre a bhailiú le chéile agus cineál nua uile-chuimsitheach a scríobh ‘Annála Ríocht na hÉireann’.

Beidh na hAnnála ar fáil le feiceáil ó dheireadh mhí an Mhárta le linn uaireanta foscailte na leabharlainne. Is iad na hamanna foscailte reatha Déardaoin ó 9.30rn -12.30in agus 1.30in-5.30in.

 Cliceáil anseo le haghaidh ár n-uaireanta foscailte