Baile » Photo Slider » Family Time at Your Local Library

Tá an clár, Am Teaghlaigh i Do Leabharlann fógartha ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall. Beidh an togra ar siúl ar feadh mhí na Nollag, agus gealltar go mbeidh raon gníomhaíochtaí spreagúla agus tarraingteacha ar fáil chun teaghlaigh a nascadh le chéile trí léitheoireacht agus scéalaíocht.

 Tá sé d’aidhm ag imeachtaí Am Teaghlaigh i do Leabharlann an léitheoireacht a lárnú i saol an teaghlaigh mar pháirt den chlár náisiúnta An Cheart Chun Léitheoireachta i do Leabharlann.

 Mar sin, cad é atá anseo againn daoibh:

 Tá clár againn lán de ghníomhaíochtaí spraíúla agus spreagúla do theaghlaigh inár leabharlanna le linn shéasúr na Nollag. Ina measc iad seo, tá seisiúin Scéalaíochta, Rannta, Ealaíona agus Ceardaíocht, Ceol agus Damhsa agus dúshláin Lego. Bhí an fhoireann leabharlainne ar fud Dhún na nGall gnóthach ag cur meascáin d’imeachtaí le chéile.

Neartaíonn scéalaíocht agus léitheoireacht scileanna teanga agus litearthachta agus tá sé tábhachtach don fhorbairt mhothúchánach fosta. Chomh maith leis sin, neartaíonn an scéalaíocht naisc teaghlaigh agus spreagann sí an samhlaíocht.

 Tá roinnt Seisiún Ceardaíochta Nollag ar dóigh againn. Bígí linn agus cruthaigh cuimhní draíochtúla le do pháistí agus tabhair n’bhaile leat cuid de na cuimhneacháin Nollag a rinneadh le grá, cruthaitheacht agus uathúlacht.

 Beidh Daidí agus Mamaí na Nollag ag tabhairt cuairte ar chuid dár leabharlanna an mhí seo chugainn ach beidh siad ag cinntiú go mbeidh siad ar ais sa Mhol Thuaidh roimh Oíche Nollag. Tá imeachtaí dár gcónaitheoirí ón Úcráin agus go leor imeachtaí Gaeilge beartaithe fosta. Beidh Suzanne Ní Ghallachoir ina hóstach ar imeacht Scéalaíochta Gaeilge ar líne.

 Sa Lárleabharlann i  Leitir Ceanainn, beidh Líonra Leitir Ceanainn ag cruthú mála scéalaíochta a bhaineann leis an leabhar Daidí na Nollag.  Chomh maith leis an spraoi a mbainfidh siad as an imeacht litearthachta seo, beidh deis ag an teaghlach sult a bhaint as imeacht le chéile.

 Tá na himeachtaí uilig saor in asice.

 Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Am Teaghlaigh i do Leabharlann i nDún na nGall, tabhair cuairt ar an leathanach ‘Imeachtaí’ ag www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook, @DonegalLibrary ar Twitter agus @DonegalLibrary ar Instagram

 Le haghaidh tuilleadh eolais, cuir ríomhphost chuig:

[email protected] nó cuir scairt ar 074 9361941