Baile » Photo Slider » Read DL

Read DL Launch

 

Read DL 2024 seolta beo ar an aer

Seoladh Read DL 2024 ar chlár John Breslin Around the Northwest, Déardaoin 22 Feabhra ag An Lárleabharlann i Leitir Ceanainn. Tá an togra READ DL bunaithe ar an tionscadal idirnáisiúnta ‘One Book, One Community’ agus thosaigh sé amach i 2011 mar READ LK (Leitir Ceanainn). Is simplí an sprioc atá ann: suim sa léitheoireacht a spreagadh sa phobal áitiúil. Scaipeadh an togra amach ón am sin agus anois tá sé d'aidhm ag Read DL léitheoireacht teaghlaigh a chur chun cinn ar fud an chontae. Thig leis an teaghlach uilig sult a bhaint as an léitheoireacht agus tá súil againn go spreagfar an togra léitheoireacht i bpobail ar fud an chontae agus iad ag léamh an leabhar céanna. An t-aoi speisialta a sheol an togra i mbliana – ar a sheó féin - ná John Breslin!

Roghnaíodh leabhar úr The summer I robbed a bank le David O’Doherty agus Chris Judge do Read DL 2024.

Tagann faoiseamh ort tar éis duit banc a robáil… Tá tuismitheoirí Rex scartha óna gcéile agus níos measa arís caithfidh sé a laethanta saoire a chaitheamh ar oileán iarghúlta agus gan ach caoirigh mar chomhluadar aige. An t-aon buntaiste atá ann ná go mbeidh sé ag stopadh lena uncail aisteach agus iontach - Uncail Derm. Tugann Rex faoi deara go bhfuil Rex chun plean aiféiseach a chur i bhfeidhm – banc an oileáin a robáil! Cosúil le Gráinne Mhaol, banríon agus foghlaí mara, tá sé ar intinn ag Derm an t-airgead a scaipeadh i measc carthanaachtaí ar an oileán. Tá cuidiú de dhíth ar Rex. Baineann an scéal croíúil seo atá scríofa ag an údar, fuirseoir agus aisteoir David O’Doherty – a scríobh Danger is everywhere fosta - le robáil caoirigh agus go leor eachtraí samhraidh.

Dáileadh 2,000 leabhar ar fud an chontae mar pháirt de Read DL 2024. Ní raibh clárúchán oscailte ach ar feadh cúpla uair a chloig nuair a bhí gach leabhar tógtha. Ag caint ar son choiste Read DL, dúirt Joe Ó Ceallaigh , Leabharlannaí Feidhmiúcháin agus Comhordaitheoir do ‘An Ceart chun Léitheoireachta ag do Leabharlann’ sa chontae, go raibh lúcháir air mar gheall ar an éileamh a bhí ann don leabhar. ‘Arís, tá suim ollmhór ag muintir Dhún na nGall a bheith páirteach i Read DL. Tar éis cúpla uair a chloig bhí achan leabhar dáilte do scoileanna, ghrúpaí agus teaghlaigh i ngach cearn den chontae. Chomh maith leis an Lá náisiúnta léitheoireachta Éire ag Léamh tá go leor imeachtaí ar siúl ar fud an chontae.’

‘Tá ríméad orainn leis an tacaíocht a fuair muid ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar thogra a spreagann an léitheoireacht ar fud an phobail. Don dara bliain as a chéile, tá muid buíoch do Coistí na Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga (CYPSC) a thug maoiniú dúinn fá choinne ceardlanna scríbhneoireachta agus ealaíne a churifidh muid ar fáil do scoileanna agus ghrúpaí in achan gCeantar Bardais sa chontae.

‘Cé go bhfuil na leabhair uilig dáilte chuig léitheoirí, thig leat páirt a ghlacadh i Read DL fós. Thig leat cóip den leabhar a chur in áirithe ag www.donegallibrary.ie . Nó tabhair cuairt ar do leabharlann áitiúil mar tá leabhair ar fáil i leabharlanna ar fud an chontae.’

Beidh Read DL ar siúl ón am seo amach go dtí 19 Márta le neart imeachtaí agus gníomhaíochtaí léitheoireachta. I rith na féile beidh deiseanna ann do rannpháirtithe ealaín, ceol, scríbhneoireacht nó físeáin a léiriú. Tá an comórtas scríbhneoireachta bliaintiúil ar ais leis an téama ‘Ag dul sa seans’. Beidh acmhainní teagaisc a bhaineann leis an leabhar chomh maith leis an acmhainn filíochta úr ar fáil ó www.readdonegal.com 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Read DL ar na meáin shóisialta tabhair cuairt ar www.readdonegal.com.