Baile » Photo Slider » Wainfest October 2023 2023

 

Pilleann Wainfest, an fhéile bhliantúil Ealaíona agus léitheoireachta do pháistí i mbliana idir an 7 agus an 15 Deireadh Fómhair le raon leathan d’imeachtaí iontacha atá abálta na leasanna agus cúlraí éagsúla na n-intinní óga ar fud an chontae a shásamh. Geallann sé iad a thabhairt ar thuras fionnachtana, cruthaitheachta agus iontais a fhanfaidh leo ar feadh na mblianta le theacht. Comhcheanglaíonn téama fhéile na bliana seo ‘Ár bPláinéad, Ár mBaile” grá don léitheoireachta agus ár gcultúr agus ár n-ealaíon le tiomantas dár bhfreagracht chomhshaoil agus táthar ag súil go spreagfaidh sé páistí Dhún na nGall chun bealaí úra a fhiosrú le cur le gníomh aeráide.

 Le níos mó na 100 imeachtaí saor in aisce do theaghlaigh agus scoileanna, tá rud ann le achan duine a shásamh i mí Dheireadh Fómhair. i measc na himeachtaí suntasacha féile na bliana seo, gheobhaidh tú achan rud ó sheisiúin scéalaíochta idirghníomhacha agus ceardlanna fíorspéisiúla – Is fíor é a rá gur ceiliúradh bríomhar é ar litríocht, léann, cruthaitheacht agus cultúr.

 Tosaíonn na féilte ar an satharn seo an 7ú le raon leathan d’imeachtaí theaghlaigh ag tarlú ar fud fad an chontae. Tuige nach dtiocfadh chuig an leabharlann lárnach i Leitir Ceanainn agus do chuid scileanna lámhchleasaíochta a chleachtadh. Fá choinne iad siúd a bhfuil a gcuid croíthe amuigh sa nadúr, tá trá le ghlanadh le teiripe leachtach i Ros Neamhlach agus maidin de thaiscéalaíocht coillte ag Páirc Coille  na hArda. Fá choinne na páistí níos óige a lorg dóigh níos suaimhneach chun a lá a thoiseacht, tuige nach bhfainfeadh triail as an cheardlann lego ag leabharlann phobail Bhún Dobhráin nó cuairt a thabhairt ar leabharlann phobail Bhun Cranncha le chluinstean ó Isla McGuckin, údar de “Aprils Garden”.

Tá clár na scoileanna, mar i gcónaí, lan d'ealaíontóirí, údair agus taibheoirí clúiteacha. Tá infhaighteacht teoranta fós ag an scéalaí a bhfuil an-tóir air, Niall De Búrca in Óstán an Grianan ar 12 Deireadh Fómhair, ag tá spás ann go fóill fá choinne imeachtaí ar líne le Eoin DeBhairduin agus Alan Dunne agus chun iad a cheannacht tar chuig www.wainfest.ie  chun spás a chur in áirithe don scoil.

 Thig le teaghlaigh snámh fríd an spraoi ar feadh na seachtaine le himeachtaí ar siúl achan lá ar fud an chontae,  ó Cheardlanna Ceardaíochta le Colleen Kearney i Leabharlanna Pobail Bhun Cranncha agus Charn Domhnach, go Seó Pláinéadlann ag Músaem Muirí Inis Eoghain. Tuige nach ligeann tú síos do ghruaige agus cúpla céimeanna a dhéanamh ag an dioscó chiúin i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha agus Leabharlann Phobail na Rosann. Cibé a síleann tú fhéin, tá neart deiseanna ann do pháistí den achan aoisghrúpa a gcuid cruthaitheachta a chur in iúl, scileanna úra a fhoghlaim agus rud atá tábhachtacha thar aon rud eile, sult a bhaint as !

 Beidh imeachtaí go leor ag dul ar aghaidh ag Spóirt agus Spraoi i gCarn Domhnach i rith an fhéile do pháistí ó achan aois. Gheobhaidh said deis a gcuid bréagán suaimhneach féin a thógail ag an Ceardlann “Tóg Béar” agus b'fhéidir fiú, iad a thabhairt leofa go dtí Picnic na mBéiríní an lá dár gcionn.

Níor chaill an eispéiris Harry Potter ag Oatfield Park a mhealladh go fóill agus mar sin ta sé a pilleadh ar ais fosta ar an 7ú, 8ú,14ú agus 15ú Deireadh Fómhair le achan cineáil de spraoi draíochtúil fá choinne na cailleacha, draoi agus muggles Dhún na nGall.

 Beidh Lá Spraoi Teaghlaigh á reáchtáil ag Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall, áit a bhfuil clú agus cáil air ó thaobh an oidhreacht de, ar Déardaoin 12 Deireadh Fómhair. Is féidir le teaghlaigh triail a bhaint as an gcéad Chabán Traenach Gaile Idirghníomhach in Éirinn agus a bheith ag spraoi le puzail, iarnród múnla, cluichí agus go leor eile.

 Tá Wainfest bródúil as a bheith ina féile uile-chuimsitheach agus tá roinnt imeachtaí a oireann do ASD i gclár na bliana seo lena n-áirítear Maia Sensory Play ar an 14 Deireadh Fómhair i Leabharlann Pobail Bhun Dobhráin. Druidtear an fhéile ar an 15 Deireadh Fómhair agus beidh taispeántas i dteanga na hÚcráine de Mavka: The Forest Song / українська версія ag Pictiúrlanna Eclipse i Leifear-an Srath Bán agus i mBun Dobhráin.

Leis an méid sin d’imeachtaí spraíúla teaghlaigh ar siúl ar fud Dhún na nGall agus áirithintí ag líonadh go gasta, ná moill agus cuir d’áit in áirithe inniu. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile, lena n-áirítear eolas faoi áirithintí agus amanna imeachtaí tabhair cuairt ar www.wainfest.ie