Baile » Nuacht » Díospóireachtaí Eolaíochta

Díospóireachtaí ar Cheisteanna Eolaíochta i Leabharlanna Dhún na nGall

Beidh na luathbhabhtaí den chomórtas Díospóireacht ar Cheisteanna Eolaíochta 2013 ar siúl an tseachtain seo chugainn agus beidh ceithre Scoil as Dún na nGall páirteach. Is é an rún atá á chardáil ná “The potential benefits of using embryonic stem cells to develop new medical treatments mean we have a moral obligation to support this type of research.”

Beidh an chéad díospóireacht ar siúl Déardaoin 22 Samhain idir foirne ó Choláiste Mhagh Ene, Bun Dobhráin agus Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall. Beidh an díospóireacht ag tosú ar 11.00rn.

Beidh an dara díospóireacht ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar 12 meánlae, Dé Luain 26 Samhain idir Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Naomh Adhamhnán, Leitir Ceanainn.

Beidh buaiteoirí an dá dhíospóireachta seo ag dul in iomaíocht lena chéile i mí na Nollag le plé a dhéanamh ar chleachtais imdhíoneolaíochta.

Tá fáilte roimh an phobal freastal ar na díospóireachtaí seo ar fad. 

*********************************************************************************************************************

Is é seo an 6ú bliain i ndiaidh a chéile ina reáchtáladh an Díospóireacht ar Cheisteanna Eolaíochta (DCE).  Is comórtas díospóireachta trasteorann ar chúrsaí eolaíochta é DCE a bhfuil 9 gcinn de pháirtnéirí comhoibríocha ann:  Institiúid an Leighis Athghiniúna (REMEDI) in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, W5 i mBéal Feirste, An Institiúid um Dhiagnóisic Bithleighis (IDB) ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, CRANN ag Coláiste na Tríonóide, CLARITY ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, An tIonad um Staidéir Thrasteorann in Ard Mhacha, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus Ionad Cógasbhitheach an Bhia ag Ollscoil Chathair Chorcaí. 

Is í Danielle Nicholson, Oifigeach For-rochtana le REMEDI, atá ag comhordú an chomórtais Uile-Éireann seo, comórtas a spreagann daoine óga chun plé a dhéanamh ar na himpleachtaí cultúrtha, sochaíocha agus eitneacha a bhaineann le dul chun cinn san eolaíocht bhithleighis.  Mar thús, faigheann na scoileanna a ghlacann páirt ceardlann bhithleighis bhith-eiticiúil 3 huaire an chloig leis an phlé a éascú i dtaca le ceisteanna eiticiúla a eascraíonn as an taighde gaschille, bia géinathraithe, nanaitheicneolaíocht, sláinte agus trealaimh féintástála nó vacsaíniú in aghaidh an fhliú.  Déanann na daltaí scoile iad féin tuilleadh taighde le hullmhú do rún na díospóireachta atá bainteach leis an chéad cheardlann, ag úsáid Pacáiste Dalta do threoir topaicí.  Uaidh sin, déantar na rúin díospóireachta a scaipeadh sa dóigh is go mbeidh na daltaí ag díospóireacht faoi réimse ceisteanna topaiciúla conspóideacha.

Is iad Boston Scientific, Abbot Ireland agus Pfizer Ireland a dhéanann urraíocht ar an chomórtas díospóireachta agus tacaíonn Discover Science & Engineering leis na réamhcheardlanna sna scoileanna.  Beidh daichead scoil páirteach i mbliana.  Is féidir na Treoracha Topaicí de chuid DSI a íoslódáil ón tsuíomh idirlín úr ag www.DebatingScienceIssues.com.  Is féidir leat an comórtas a leanúint anseo fosta. 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Danielle M. Nicholson (Oifigeach For-Rochtana)

Institiúid Athghiniúna Leighis (REMEDI)

An tIonad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bhithleighis

1ú Urlár, Foirgneamh Orbsen

Ollscoil Náisiúnta na hÉireann

Gaillimh

Poblacht na hÉireann

Rphost: [email protected]

Guthán: 00353 (0)91 49 5259

Facs: 00353 (0)91 49 5547

Suíomh Idirlín: www.remedi.ie agus www.eurostemcell.org