Baile » Nuacht » Summer Reading Programme

 

   

Scoileanna ar saoire!

Ní gá bheith i do thost, buail isteach sa leabharlann áitiúil!

 

Tá go leor míthuiscintí faoi leabharlanna poiblí; dhá cheann acu seo go gcaithfidh tú cogar a dhéanamh agus tú sa leabharlann, agus ceann eile go gcaitheann baill foirne na leabharlainne an lá ar fad i mbun léitheoireachta! Níl sé seo fíor ar chor ar bith, i dtaca leis na leabharlanna i nDún na nGall. Níl le déanamh agat ach siúl isteach in aon cheann de na spásanna pobail seo, iad lán brí, le go gcuirfí sin ar do shúile duit. Tá na baill foirne gnoitheach le roinnt seachtainí anuas ag ullmhú do na cláracha léitheoireachta samhraidh a bheas ar siúl i leabharlanna ar fud an chontae. Tá cláracha téamaithe curtha le chéile ag baill foirne in achan leabharlann le páistí a spreagadh chun leanúint lena gcuid léitheoireachta i rith na laethanta saoire ón scoil. Níl le déanamh acu ach clárú mar bhall den leabharlann, rud atá saor in aisce dála an scéil, agus leabhar a roghnú ón éagsúlacht leabhar atá ar fáil. Nuair a bhíonn an leabhar roghnaithe léite ag an pháiste, taispeántar é ar cheann de na taispeántais théamaithe. I measc na dtéamaí tá an taisteal fríd an Eoraip ar Phas Léitheoireachta chuig na Cluichí Oilimpeacha i Londain le Leabharlann an Chlocháin Léith, do chárta ceadúnas tiomána a líonadh leis an tionscnamh Ceadúnas chun Léimh i Leabharlanna in Inis Eoghain, nó cad chuige nach n-amharcfá ar lus na gréine ag bláthú i Leabharlann Bhaile na nGallóglach mar chuid den chlár léitheoireachta Léigh agus Fás s'acusan. I measc na dtéamaí eile, tá Coiscéim ar Léamh i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, na Crainn Léitheoireachta sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn, i mBealach Féich agus i Ráth Bhoth, agus an Bogha Báistí Léitheoireachta i Leabharlann Leifir. Beidh na leabharlanna i mBun Dobhráin agus i mBaile Dhún na nGall ag surfáil agus ag taiscéaladh caisleán. Gach duine a bheas páirteach sa chlár léitheoireachta samhraidh, bronnfar teastas orthu ag deireadh laethanta saoire an tsamhraidh.

Cé go bhfuil an-ráchairt ar na cláracha seo i measc páistí agus tuismitheoirí araon, ní ar mhaithe leis an spraoi amháin a bhfuil siad curtha i dtoll a chéile. Fuarthas amach ó thaighde a rinne an Scoil Leabharlainne agus Eolaíocht Faisnéise ag Ollscoil Domican (2009) sna Stáit Aontaithe gur éirigh ní b'fhearr le scoláirí a bhí ar chláracha léitheoireachta samhraidh i scrúduithe léitheoireachta ag tús na bliana dár gcionn ná na scoláirí siúd nár ghlac páirt ann. Míníonn Donna Quinn, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach, an scéal mar seo a leanas: "Tá an tSeirbhís Phoiblí Leabharlainne bunaithe ar an fhealsúnacht bhunúsach gur chóir tacú leis an fhoghlaim i rith shaol an duine. Ní nós ag na leabharlanna scil na léitheoireachta a theagasc go hiondúil, ach tá ról fíorthábhachtach againn leabhair a chur ar fáil don phobal agus gníomhaíochtaí a eagrú a chuidíonn le daoine sult a bhaint as an léitheoireacht agus a scileanna léitheoireachta a fheabhsú. Ní hé gur rud deas é seo a dhéanaimid, is obair iontach tábhachtach atá ann." 'Tá leabharlanna iontach maith ag an obair lán dáiríre atá i gceist le scileanna litearthachta a fhorbairt tríd an léitheoireacht a dhéanamh spraíúil agus sóisialta,' a lean sí. 'Tá an-bhaint idir na scileanna atá riachtanach le focail a dhíchódú agus an spreagadh a fhaightear ó bheith ag baint suilt as an léitheoireacht. Le bheith i do léitheoir, caithfear teagasc na léitheoireachta a chomhshnaidhmeadh leis an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire.'

Níl sa chlár léitheoireachta samhraidh ach sampla amháin de na dóigheanna a bhfuil na leabharlanna ag obair le scileanna litearthachta páistí a fheabhsú. I measc na gcláracha eile, tá seisiúin am ríme, Cath na Leabhar, triallta mata, Léitheoirí Fadsaoil a Chruthú agus an fhéile leabhar do pháistí, Wainfest, i mí Dheireadh Fómhair. Do na daoine fásta atá ina mbaill, tá againn an feachtas Léigh agus Déan do Scíth, bailiúcháin Foghlaim chun Maireachtála, tionscnaimh Léitheoireacht Ghasta, clubanna leabhar agus réimse de theicneolaíochtaí cúnta le cuidiú leo siúd a bhfuil deacrachtaí léimh acu. Tá leabharlanna ina gcairde ag an ghluaiseacht litearthachta, agus an tacaíocht do thionscadail litearthachta do dhaoine fásta tarraingíonn sé ar na hacmhainní traidisiúnta a chuireann na leabharlanna ar fáil. Is géire an gá anois ná riamh do leabharlanna poiblí bheith ag cur chun cinn chultúr na litearthachta.

Chomh maith le tosaíocht na litearthachta agus na léitheoireachta a chur chun cinn, tá Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ag obair fosta le cuidiú leis an athbheochan eacnamaíochta. Agus muid i lár géirchéimé i sochaí agus i ngeilleagar na tire is mó an tábhacht anois atá le leabharlanna poiblí agus is féidir leo cuid mhór a dhéanamh le freastal ar riachtanais daoine atá thíos go mór leis an chúlú eacnamaíochta. Sa tseirbhís leabharlainne, tá méadú ar an éileamh atá ar acmhainní ar leith a bhaineann le cúrsaí fostaíochta. Tá an tseirbhís leabharlainne gníomhach i dtaca le forbairt phobail, foghlaim fadsaoil, agus cuimsiú sóisialta sa chontae.  Tá réimse acmhainní ar fáil do chuardaitheoirí poist agus dóibh siúd a ligeadh chun bealaí agus ar mian leo a gcuid scileanna a fheabhsú. Sampla amháin de seo is ea Ríomhfhoghlaim FÁS sa leabharlann, áit a dtig le daoine atá dífhostaithe teacht ar Chúrsaí FÁS, mar shampla, Tús Eolais ar an Ríomhaireacht, ar an Idirlíon, ar Ríomhphost, ar Phróiseáil Focal agus ar Scairbhileoga, chomh maith le CETR, Sláinte & Sábháilteachta, Bunghrianghrafadóireacht, agus Buneolas Airgeadais. Tá siad seo ar fáil saor in aisce, ar líne, ar acht go gcomhlíonann tú na critéir atá leagtha síos ag FÁS. In alt san Irish Times ar na mallaibh, d'athdhearbhaigh Dermot Bolger, an t-údar, ról oideachasúil na leabharlainne poiblí nuair a scríobh sé 'Men are coming back on their own, with computers, libraries are becoming virtual offices for tentative small enterprises, with unemployed men and women taking steps towards economic recovery by using the one thing that no one can take from them- their initiative- in a space where no Gauleiter to tell them to move on. In libraries we become citizens, not consumers.’

In am seo na déine, níl aon rud saor ón athrú, agus tá ar an tSeirbhís Leabharlainne oibriú laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dóibh agus na seirbhísí sin a chur in oiriúint do na hacmhainní sin. Mar sin féin, tá cuid mhór le tairiscint ag Leabharlanna Dhún na nGall go fóill, agus in ainneoin thuairim na coitiantachta, is mian leo sin a fhógairt go hard na spéire! Mar sin de, mura bhfuil tú i measc an 21,179 ball reatha atá ag an tSeirbhís Leabharlainne i nDún na nGall, cad chuige nach mbuailfeá isteach sa leabharlann áitiúil agus clárú le fíor-ionad pobail, áit a mbíonn fáilte roimh gach duine, chomh maith le domhain lán eolais, forbartha agus spraoi ag fanacht ort. Fá choinne tuilleadh eolais ar imeachtaí agus ar chláracha, féach ar shuíomh idirlín na leabharlainne www.donegallibrary.ie