Baile » Nuacht » Comórtas Filíochta 2012

      

Maria Whelan & Éamonn Bonner (Foclaí ón Iarthuaisceart) le Breid Lindsay (Uachtarlanna Dhún na nGall) ag seoladh Chomórtas Filíochta 2012 in Café Blend, Leitir Ceanainn

Comórtas Filíochta 2012

Is duais úr filíochta í seo agus bronnfar Buanchorn Uachtarlanna Dhún na nGall, chomh maith le duais airgid €250, ar údar an dáin is fearr.

Is í Kate Newmann (Stiúrthóir, Summer Palace Press) atá ina moltóir ar an chomórtas. 

Tá an duais oscailte d'éinne atá os cionn 18 mbliana d'aois. Ní mór gur saothar bunaidh de chuid an údair é achan dán a chuirtear isteach.

Ní cheadófar aon dán atá foilsithe cheana féin in aon mheán, ná aon dán a bhí féinfhoilsithe, ná aon dán a craoladh agus/nó a bhain aon chomórtas.

Is dánta i mBéarla amháin a bhfuiltear ag glacadh leo sa chomórtas seo.

Is é an dáta deiridh le dánta a chur isteach ná an Aoine, 7 Nollaig 2012.

Tá tuilleadh eolais agus sonraí uilig an chomórtais ar fáil ar leathanach Facebook Foclaí ón Iarthuaisceart (North West Words).