Baile » Nuacht » Eoraip go Díreach

Suas leat ar d'Ardán Cainte leis an Ionad 'Eoraip go Díreach'

"Tá an óige curtha amú ar an aos óg" - déan thusa an cinneadh

Beidh ócáid ar leith ar siúl an mhí seo chugainn san Ionad Eolais 'Eoraip go Díreach', lonnaithe sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, i gcomhthráth leis an Bhliain Eorpach um Aosú Gníomhach & Comhghuaillíocht idir Glúnta.

Tá an ócáid Ardán Cainte seo mar chuid de chomórtas náisiúnta agus tá an tIonad Eolais 'Eoraip go Díreach' leis an ócáid a reáchtáil thar ceann chontaetha Dhún na nGall, Shligigh agus Liatroma.

Beidh na rannpháirtithe ar an Ardán Cainte ag caibidil an rúin "Tá an óige curtha amú ar an aos óg" agus beidh trí bhomaite acu lena dtaobhsan den argóint a chur.

Is é a dúirt Helen McNutt, Bainisteoir Eoraip go Díreach agus Leabharlannaí Feidhmiúcháin, “Is deis iontach é seo fá choinne daoine óga agus seandaoine - ar a shon agus ina choinne, le guth a bheith acu ar an téama seo.  Ní hionann an t-aosú gníomhach d'aon bheirt, agus tá aos óg an lae inniu beo in Éirinn atá go hiomlán difriúil ón Éirinn a bhí ann i ré a n-aithreacha agus a muintire roimhe sin. Sílim go spreagfaidh sé seo díospóireacht iontach suimiúil."

Beidh painéal de cheathrar saineolaithe, agus cathaoirleach ina measc, ag déanamh moltóireachta ar an ardán cainte agus roghnóidh siad an cainteoir is díograisí agus is áitithí. 

Tá an ócáid oscailte d'achan duine agus tá an lucht eagraithe ag iarraidh ar mhic léinn dara bliain agus tríú bliain, ar choistí gníomhacha an lucht scoir, ar eagraíochtaí pobail, ar chumainn óige nó ar aon bhall den phobal atá iontach teasaí faoin cheist seo, nó a bhfuil suim acu sa chaint phoiblí, táthar ag iarraidh orthu bheith páirteach.

Tá fáilte roimh an phobal teacht chuig an ócáid fosta mar rannpháirtithe sa lucht féachana agus ba chóir dóibh a suim a chur in iúl roimh ré.

Íoslódáil Foirm Iarratais 'Eoraip go Díreach'  inniu agus úsáid an bhileog 'Eoraip go Díreach' seo  leis an ócáid a phoibliú i d'ionad, i do scoil nó i d'áitreamh.