Baile » Photo Slider » Ceiliúradh teanga í a léamh

 

Acmhainn léitheoireachta nua “Ceiliúradh teanga í a léamh” ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus Leabhar Pháistí Éireann ar fáil saor in aisce anois!

 

 

 

Foilsithe inniu, 20ú Eanáir, tá sé d’aidhm ag an acmhainn nua seo ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus ó Leabhair Pháistí Éireann tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine fásta, idir thuismitheoirí agus chaomhnóirí, mhúinteoirí agus eile, ionas gurbh fhéidir leosan leabhair Ghaeilge a roinnt leis na páistí agus daoine óga ina saol.

 

Tarraingíonn sé aird ar cúig leabhar déag den scoth do léitheoirí 0–18, agus le ceisteanna, dúshláin agus gníomhaíochtaí meallann sé na léitheoirí sin isteach sa scéal. Tá an acmhainn seo, leis na gníomhaíochtaí ar fad, saor le híoslódáil anseo: Ceiliúradh teanga í a léamh!

 

   

 

Istigh san acmhainn seo tá gníomhaíochtaí do pháistí réamhscoile agus daltaí i naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra, bunaithe ar: 

- Bí ag Spraoi Liom!

- An Garbhán

- Beag Bídeach agus Míp

 

Do na ranganna sinsearacha, tá… 

- Bliain na nAmhrán

- Cluasa Capaill ar an Rí

- Mór agus Muilc

- Ó Am go hAm

 

Do pháistí níos sine agus do dhéagóirí tá… 

- Ar Strae

- Dialann Dúradáin: An Fhírinne Shearbh

- Boscadán

- Asterix agus Coróin Labhrais Chaesair

- Hóng

- Daideo

- Nóinín

 

Tá achoimre do gach leabhar agus gluaiseanna do leabhair áirithe, chomh maith le heolas ar an údar agus an ealaíontóir (má bhaineann). Tá ceisteanna ‘Ag tomhas agus ag tuar’ le cur ag machnamh tú roimh duit an leabhar a phiocadh suas ar chor ar bith, ceisteanna eile a dhíríonn ar an scéal féin, agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha spreagúla le déanamh agus an leabhar críochnaithe. Agus faoi ‘Tuilleadh acmhainní’ tá naisc do acmhainní digiteacha eile (ón bhfoilsitheoir, mar shampla), agus moltaí léitheoireachta dóibh siúd ar thaitin an leabhar go mór leo.

 

Tá tríocha cóip d’achan leabhar sa phacáiste seo ar fáil ar iasacht do scoileanna i nDún na nGall le hordú óna leabharlann áitiúil.