Baile » Photo Slider » Réaltaí an tSamhraidh

 

Dea-scéala! Tá Réaltaí an tSamhraidh ar ais i Leabharlanna Dhún na nGall le haghaidh 2023!

Is clár corraitheach é Réaltaí an tSamhraidh atá bunaithe ar léitheoireacht atá ar fáil saor in aisce d'achan leanbh. Tugaimid spreagadh d'achan leanbh páirt a ghlacadh inár réimse eachtraíochta agus sna gníomhaíochtaí spraíúla eile le linn an tsamhraidh.

Tugtar cuireadh d'achan leanbh clárú don eachtraíocht léitheoireachta ina leabharlann áitiúil agus sult a bhaint as go leor leabhar a léamh le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Tabharfar Cárta Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh d'achan rannpháirtí chun a ndul chun cinn a thaifead agus a rianú agus cuirfear stampa dílseachta leabharlainne lena gcárta léitheoireachta ag an leabharlann tar éis dóibh achan leabhar a léamh. Tabharfar spreagadh do leanaí leanúint ag léamh i gcaitheamh an chláir agus beidh duaiseanna agus dreasachtaí ar fáil lena linn.

Is clár náisiúnta é Réaltaí an tSamhraidh sa chaoi agus fiú má bhíonn tú ar saoire is féidir le leanaí an deis a thapú bualadh isteach in aon leabharlann in Éirinn agus stampa a fháil ar a gcártaí agus iad a nuashonrú. Liosta de na hImeachtaí Réaltaí Samhraidh ar fáil anseo: Summer Stars 2023 events

Beidh imeachtaí ar siúl sa Ghaeilge agus sa Bhéarla sna brainsí ar fud Dhún na nGall i gcaitheamh an tsamhraidh. I mbliana tá áthas orainn fáilte a chur roimh Cathal Ó Fearraigh a chuirfidh ceardlanna bithéagsúlachta ar fáil faoi thábhacht na mbeach le linn mhí an Mheithimh. Beidh seisiúin Scéalaíochta, tóraíocht taisce, seisiúin théamacha Lego, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, clubanna leabhar, rang cartúin le Jarla laistigh agus lasmuigh beo againn, agus gan amhras leabhair do leanaí ar achan aois. Beidh foireann na leabharlainne ag óstáil réimse imeachtaí, mar sin beidh neart le déanamh ag achan duine le linn shaoire an tsamhraidh ón scoil.