Baile » Photo Slider » Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthait

 

Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta 

Dhún na nGall 2024

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais don Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2024. Tá an Scéim ag tairiscint 25 dámhachtain Tionscadail de €2,000 do thionscadail a spreagann comhoibriú agus comhpháirtíocht idir an pobal agus speisialtóirí oidhreachta, ealaíontóirí, gairmithe cultúir agus/nó tionscail chruthaitheachta chun gné den chultúr ábhartha nó neamhábhartha a chosaint, a chaomhnú, taighde a dhéanamh air, a chleachtadh, a léiriú, a theagasc, dul i ngleic leis, a fheabhsú, a chur chun cinn nó aghaidh a thabhairt air ar bhealach úrnua, samhlaíoch nó cruthaitheach. Is féidir le grúpaí pobail agus daoine aonaracha cur isteach ar mhaoiniú le haghaidh togra a bhaineann le cultúr, oidhreacht, ealaíona nó tionscail chruthaitheacha.

 

Cuireann Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2024 comhoibriú chun cinn agus cothaíonn sí an chruthaitheacht mar atá beartaithe i gclár Éire Ildánach. Is clár cultúrtha é Éire Ildánach a bunaíodh chun folláine an duine aonair, an phobail agus na tíre a chur chun cinn. Tá Údaráis Áitiúla ar fud na tíre, Comhairle Contae Dhún na nGall san áireamh, ag obair i bpáirt le hÉire Ildánach chun Colún 2 den chlár Éire Ildánach a sheachadadh agus a bhfuil sé mar aidhm aige ‘An Chruthaitheacht a Chumasú i nGach Pobal ’. Sainmhíníonn Éire Ildánach an cultúr mar “Na luachanna comhroinnte, na pátrúin iompair, na nósanna agus na cineálacha léirithe ar saintréithe de chuid grúpaí éagsúla agus de phobail éagsúla ag aon am ar leith”.

 

Tá an deis maoinithe seo á chur ar fáil trí Chlár Éire Ildánach, a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Is é an data deiridh chun iarratais a chur isteach ná  Luain 25 Márta ar 12 meánlae.

 

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar líne ar www.donegallibrary.ie nó trí ríomhphost chuig [email protected]

 

Sceim Damhachtana Tionscadail Culturtha agus Cruthaitheachta 2024Sceim Damhachtana Tionscadail Culturtha agus Cruthaitheachta 2024‌ 

Déan iarratas ar-líne ag  https://submit.link/2tT nó íoslódáil Foirm Iarratais Sceim Damhachtana Tionscadail Culturtha & Cruthaitheachta 2024

Fáiltítear roimh iarratais ar líne, nó trí ríomhphost ag baint úsáide as na naisc iarratais thuas.