Baile » Photo Slider » Féile Bealtaine 2022

 

An 25ú Féile Bealtaine i nDún na nGall

1 Bealtaine - 31 Bealtaine

 

Déanfar an Fhéile Bealtaine, ceiliúradh ar na healaíona agus ar an chruthaitheacht in Éirinn agus muid ag dul in aois, a cheiliúradh i rith mhí na Bealtaine i nDún na nGall. Déanfaidh féile Bealtaine 2022 de chuid Age & Opportunity, ceiliúradh ar (idir) spleáchas mar théama agus fháilte mhór roimh an philleadh ar imeachtaí pearsanta ar an láthair.

 

Déanfaidh an Comhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an fhéile, ina 25ú  bliain ar an fhód, a sheoladh go hoifigiúil ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach (RCC) ar an Domhnach 1úBealtaine ag 5i.n. Agus i ndiaidh an tseolta oifigiúil, cuirfear tús le féile Bealtaine i nDún na nGall ag 6i.n. le coirm cheoil speisialta saor in aisce leis an laoch ceol tíre Éireannach Brendan Quinn & Band agus le tacaíocht ón ghabha ceoil Meiriceánach Dean Maywood. Déanfar an choirm cheoil a shruthú beo ar www.regionalculturalcentre.com le tús a chur leis an fhéile a mhairfeas mí.

 

Agus ag caint dí faoin Fhéile Bealtaine, dúirt comhordaitheoir na féile, Ciara Cunnane, “Tá lúcháir orainn a bheith in ann fáilte a chur roimh chách chuig imeachtaí beo ar an láthair. Tá imeachtaí éagsúla beartaithe ag Rannán Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall i rith na míosa, idir cheird, chócaireacht, cheol, dhrámaíocht, chainteanna agus shiúlóidí!”. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá Taispeántas Cócaireachta Eat Well To Live Well le Pauline Sugrue, cuairteanna údair ó Carole Coleman & Sally Hanan de chuid RTÉ, Taispeántas Conartha 1921 de chuid Chartlann Náisiúnta na hÉireann ag Músaem Contae Dhún na nGall agus drámaíocht le Conal Gallen i My Wife, Her Cat agus Other Stuff gan ach cuid acu a lua!

 

Is féidir Bróisiúr den Bealtaine Festival 2022 Programme , nó regionalculturalcentre.com nó ceann a fháil ó do leabharlann áitiúil.

 

Faoi choinne tuilleadh sonraí, déan teagmháil leis an Lárleabharlann ar 074 91 24950 nó seol ríomhphost chuig [email protected]